|
+Airteagal 16 5. |
Airteagal 16 5.Laistigh de 6 mhí ón dáta a fhaigheann an ceann deireanach de na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha an iarraidh ar infheistíocht, déanfaidh na húdaráis sin cinntí comhpháirteacha comhordaithe, tar éis dul i gcomhairle leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, maidir le leithdháileadh na gcostas infheistíochta arna dtabhú go héifeachtúil agus atá le híoc ag gach oibreoir córais le haghaidh an tionscadail, agus maidir leis na costais sin a áireamh sna taraifí, nó maidir le diúltú don iarraidh ar infheistíocht, go hiomlán nó go páirteach, má chinntear san anailís choiteann a dhéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha nach n-éiríonn leis an tionscadal nó le cuid de glantairbhe shuntasach a sholáthar in aon cheann de Bhallstáit na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na costais infheistíochta ábhartha arna dtabhú go héifeachtúil a áireamh i dtaraifí, mar a shainmhínítear sa mholadh dá dtagraítear i mír 11, i gcomhréir le leithdháileadh na gcostas atá le híoc ag gach oibreoir córais le haghaidh an tionscadail. Maidir le tionscadail atá ar chríocha a mBallstát faoi seach, measfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, ina dhiaidh sin, i gcás inarb iomchuí, an bhféadfadh aon saincheisteanna inacmhainneachta teacht chun cinn mar gheall ar na costais infheistíochta a bheith san áireamh i dtaraifí. Agus na costais á leithdháileadh acu, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha aird:
(a)
ar na cíosanna ó phlódú nó ar na muirir eile iarbhír nó mheasta,
(b)
ar na hioncaim iarbhír nó mheasta a eascraíonn as an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha arna bhunú faoi Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/943. Le leithdháileadh na gcostas thar theorainneacha, cuirfear san áireamh costais agus tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na dtionscadal sna Ballstáit lena mbaineann agus an gá le creat maoinithe cobhsaí a áirithiú le haghaidh fhorbairt na dtionscadal leasa choitinn fad atá an gá le tacaíocht airgeadais á íoslaghdú ag an am céanna. Agus costais á leithdháileadh thar theorainneacha, féachfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na OCTanna lena mbaineann, le comhaontú frithpháirteach a bhaint amach a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis a shonraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, ach nach mbeidh teoranta di. Ina measúnú, breithneofar na cásanna ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 12 agus cásanna eile maidir le pleanáil forbartha gréasáin, lenar féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le beartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12. I gcás ina maolaíonn tionscadal leasa choitinn seachtrachtaí diúltacha, amhail lúbshreabha, agus i gcás ina gcuirtear an tionscadal leasa choitinn sin chun feidhme sa Bhallstát arb é is bunphointe don tseachtracht dhiúltach, ní fhéachfar ar mhaolú den sórt sin mar thairbhe trasteorann agus, dá bhrí sin, ní bheidh sé ina bhonn le costais a leithdháileadh ar OCT na mBallstát a ndéanann na seachtrachtaí diúltacha sin difear dóibh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|