|
+Airteagal 8 12. |
Airteagal 8 12.Déanfaidh an Bord an dáta a chinneadh faoina dtarraingeofar suas na chéad phleananna réitigh. Déanfar athbhreithniú ar phleananna réitigh agus ar phleananna réitigh grúpa agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonrófar iad go bliantúil ar a laghad agus tar éis aon athruithe ábhartha ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil na hinstitiúide nó ar an ngnó nó staid airgeadais an eintitis nó, i gcás pleananna réitigh grúpa, an ghrúpa lena n-áirítear aon ghrúpeintiteas a bhféadfadh éifeacht ábhartha a bheith acu ar éifeachtacht an phlean nó ar shlí eile a d'éileodh athbhreithniú ar an bplean réitigh. Chun na pleananna réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a athbhreithniú nó a nuashonrú, déanfaidh na hinstitiúidí, BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta aon athruithe lena n-éileofar an t-athbhreithniú nó an nuashonrú sin a chur in iúl don Bhord. Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo tar éis na gníomhaíochtaí réitigh a chur chun feidhme nó tar éis fheidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 21. Agus na spriocdhátaí dá dtagraítear i bpointí (o) agus (p) de mhír 9 den Airteagal seo á socrú, sna cúinsí dá dtagraítear sa tríú fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord an spriocdháta chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104b de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh a chur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|