+Airteagal 8 Pleananna réitigh arna dtarraingt suas ag an mBord
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.
---+Airteagal 8 10.
---+Airteagal 8 11.
---+Airteagal 8 12.
---+Airteagal 8 13.

Airteagal 8 Pleananna réitigh arna dtarraingt suas ag an mBord

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Déanfaidh an bord pleananna réitigh a tharraingt suas agus a ghlacadh do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus do na heintitis agus do na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) nuair a bheidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na míreanna seo comhlíonta.
Airteagal 8 2.
Déanfaidh an Bord na pleananna réitigh a tharraingt suas, tar éis dó dul i gcomhairle le BCE nó le húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha agus le húdaráis réitigh náisiúnta, lena n-áirítear údarás réitigh grúpleibhéil, na mBallstát ina bhfuil na heintitis bunaithe agus le húdaráis réitigh de chuid Ballstát neamh-rannpháirteach ina bhfuil brainsí suntasacha suite a mhéid is ábhartha don bhrainse shuntasach. Chuige sin, féadfaidh an Bord a cheangal ar na húdaráis réitigh náisiúnta dréachtphlean réitigh a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird agus a cheangal ar an údarás réitigh grúpleibhéil dréachtphlean réitigh a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird.

Féadfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(8) de Threoir 2014/59/AE a fheidhmiú. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo.

Airteagal 8 3.
Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, eiseoidh an Bord treoirlínte agus treoracha maidir le seoltaí chuig na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le hullmhú dréachtphleananna réitigh agus dréachtphleananna réitigh ghrúpa a bhaineann le heintitis shonracha nó le grúpaí sonracha.
Airteagal 8 4.
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, agus gan dochar do Chaibidil 5 den Teideal seo, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an fhaisnéis ar fad is gá chun na pleananna réitigh a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, mar a fuair siad an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 13(1) de Threoir 2014/59/AE a chur faoi bhráid an Bhoird.
Airteagal 8 5.
Leagfar amach sa phlean réitigh roghanna chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú dá dtagraítear sa Rialachán seo maidir leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 8 6.
►M1  Déanfar foráil sa phlean réitigh do na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an Bord a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh eintiteas dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha maidir le réiteach.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 9 a nochtadh don eintiteas lena mbaineann. ◄

Nuair a bheidh an plean réitigh á tharraingt suas agus á nuashonrú, déanfaidh an Bord aon bhacainní ábhartha ar inréiteacht a shainaithint, agus i gcás inar gá agus inar comhréireach léargas a thabhairt ar conas a d'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin, i gcomhréir le hAirteagal 10.

Tabharfar aird sa phlean réitigh ar chásanna ábhartha lena n-áirítear go bhféadfadh cliseadh a bheith neamhghnách nó go bhféadfadh sé tarlú tráth éagobhsaíochta airgeadais níos leithne nó tráth teagmhas sistéamach.

Ní thoimhdeofar sa phlean réitigh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

go bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 67;

(b) 

aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó

(c) 

aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis.

Airteagal 8 7.
Áireofar sa phlean réitigh conas agus cathain a fhéadfaidh institiúid iarratas a chur isteach, sna coinníollacha a dtugann an plean aghaidh orthu, chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid agus déanfar na hacmhainní sin a mbeifí ag súil go gcáileoidís mar chomhthaobhacht a shainaithint ann.
Airteagal 8 8.
Féadfaidh an Bord a cheangal ar institiúidí cúnamh a thabhairt dó sna pleananna a tharraingt suas agus a nuashonrú.
Airteagal 8 9.

Beidh sa phlean réitigh do gach eintiteas na nithe seo a leanas, agus iad cainníochtaithe nuair is iomchuí agus nuair is féidir:

(a) 

achoimre ar phríomheilimintí an phlean;

(b) 

achoimre ar na hathruithe ábhartha ar an institiúid a tharla tar éis an fhaisnéis is déanaí faoin réiteach a bheith comhdaithe;

(c) 

léiriú ar conas a d'fhéadfaí feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, ó fheidhmeanna eile chun leanúnachas a áirithiú ar chliseadh na hinstitiúide;

(d) 

meastachán ar an tréimhse ama chun gach gné ábhartha den phlean a fhorfheidhmiú;

(e) 

tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréiteacht arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10;

(f) 

tuairisc ar aon bhearta is gá de bhun Airteagal 10(7) chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht arna sainaithint mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 nó chun iad a bhaint;

(g) 

tuairisc ar na próisis chun an luach agus an indíoltacht a chinneadh i ndáil le feidhmeanna criticiúla, croílínte gnó agus sócmhainní na hinstitiúide;

(h) 

tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a éilítear de bhun Airteagal 11 de Threoir 2014/59/AE cothrom le dáta agus ar fáil do na húdaráis réitigh an t-am ar fad;

(i) 

míniú maidir le conas a d'fhéadfaí na roghanna réitigh a mhaoiniú gan toimhdiú i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(i) 

go bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 67;

(ii) 

aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó

(iii) 

aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis;

(j) 

tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh éagsúla a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm de réir na gcásanna éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann agus na dtréimhsí ama is infheidhme;

(k) 

tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla;

(l) 

tuairisc ar roghanna chun rochtain ar íocaíochtaí agus ar sheirbhísí imréitigh agus ar bhonneagair eile a chaomhnú agus measúnú ar iniomparthacht seasamh cliant;

(m) 

anailís ar thionchar an phlean ar fhostaithe na hinstitiúide, lena n-áirítear measúnú ar aon chostais ghaolmhara, agus tuairisc ar na nósanna imeachta atá beartaithe chun dul i gcomhairle leis an bhfoireann le linn an phróisis réitigh, agus na córais náisiúnta le haghaidh comhphlé leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur i gcuntas, i gcás inarb infheidhme;

(n) 

plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus leis an bpobal;

▼M1

(o) 

na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12f agus 12g agus spriocdháta chun an leibhéal sin a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 12k;

(p) 

i gcás ina bhfeidhmíonn an Bord Airteagail 12c(4), (5), nó (7), amlíne do chomhlíonadh an eintitis réitigh i gcomhréir le hAirteagal 12k;

▼B

(q) 

tuairisc ar oibríochtaí agus ar chórais riachtanacha chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta na hinstitiúide a chothabháil;

(r) 

i gcás inarb infheidhme, aon tuairim arna léiriú ag an institiúid i ndáil leis an bplean réitigh.

Airteagal 8 10.

Áireofar i bpleananna réitigh grúpa plean maidir le réiteach an ghrúpa dá dtagraítear i mír 1, a mbeidh máthairghnóthas an Aontais atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach i gceannas air, agus sainaithneofar ann bearta a bheidh le déanamh i leith an mhéid seo a leanas:

(a) 

máthairghnóthas an Aontais;

(b) 

na fochuideachtaí ar cuid den ghrúpa iad agus atá bunaithe san Aontas;

(c) 

na heintitis dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 2; agus

(d) 

faoi réir Airteagal 33, na fochuideachtaí ar cuid den ghrúpa iad agus atá bunaithe lasmuigh den Aontas.

I gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sainaithneofar sa phlean réitigh, na heintitis réitigh agus na grúpaí réitigh do gach grúpa.

Airteagal 8 11.

Déanfaidh an plean réitigh grúpa:

▼M1

(a) 

na gníomhaíochtaí réitigh dá bhforáiltear a leagan amach i ndáil le heintitis réitigh sna cásanna dá bhforáiltear i mír 6 agus impleachtaí na ngníomhaíochtaí réitigh i dtaca le grúpeintitis eile, an máthairghnóthas agus na fo-institiúidí dá dtagraítear i mír 1;

(aa) 

i gcás ina bhfuil níos mó ná grúpa réitigh amháin i ngrúpa dá dtagraítear i mír 1, gníomhaíochtaí réitigh dá bhforáiltear a leagan amach i ndáil le heintitis réitigh gach grúpa réitigh agus impleachtaí na ngníomhaíochtaí sin i gcás an dá phointe seo a leanas:

(i) 

grúpeintitis eile a bhaineann leis an ngrúpa réitigh chéanna;

(ii) 

grúpaí réitigh eile;

(b) 

scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a bhféadfaí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir le heintitis réitigh atá bunaithe san Aontas ar bhealach comhordaithe, lena n-áirítear bearta ionas gur féidir le tríú páirtí an grúpa ina iomláine a cheannach, nó línte nó gníomhaíochtaí gnó ar leith a sheachadann roinnt grúpeintiteas, nó grúpeintitis nó grúpaí réitigh ar leith, agus aon bhacainní ionchasacha ar réiteach comhordaithe a shainaithint;

▼B

(c) 

tuairisc mhionsonraithe a bheith san áireamh ar an measúnú ar inréiteacht arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 10;

(d) 

i gcás ina n-áireoidh grúpa eintitis arna n-ionchorprú i dtríú tíortha, socruithe iomchuí le haghaidh comhair agus comhordú le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin agus na himpleachtaí chun réiteach laistigh den Aontas a shainaithint;

(e) 

na bearta, lena n-airítear deighilt dhlíthiúil agus eacnamaíoch feidhmeanna nó línte gnó ar leith is gá chun réiteach grúpa a éascú nuair i gcás ina mbeidh na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta a shainaithint;

(f) 

sainaithint conas a d'fheadfaí na gníomhaíochtaí réitigh grúpa a mhaoiniú agus, i gcás ina n-éileofaí na socruithe Ciste agus maoiniúcháin ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 100 de Threoir 2014/59/AE, na prionsabail chun roinnt a dhéanamh ar an bhfreagracht don mhaoiniú sin idir na foinsí cistiúcháin sna Ballstáit rannpháirteacha agus neamh-rannpháirteacha éagsúla a leagan amach. Ní thoimhdeofar sa phlean aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i) 

aon tacaíocht airgeadais urghnách poiblí seachas úsáid an Chiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 67 den Rialachán seo agus na socruithe maoinithe ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 100 de Threoir 2014/59/AE;

(ii) 

aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó

(iii) 

aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis.

Déanfar na prionsabail sin a leagan amach ar bhonn critéar atá cothrom agus cothromúil agus cuirfear i gcuntas leo, go háirithe Airteagal 107(5) de Threoir 2014/59/AE agus an tionchar ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit uile lena mbaineann.

Ní bheidh tionchar díréireach ag an bplean réitigh grúpa ar aon Bhallstát.

Airteagal 8 12.
Déanfaidh an Bord an dáta a chinneadh faoina dtarraingeofar suas na chéad phleananna réitigh. Déanfar athbhreithniú ar phleananna réitigh agus ar phleananna réitigh grúpa agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonrófar iad go bliantúil ar a laghad agus tar éis aon athruithe ábhartha ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil na hinstitiúide nó ar an ngnó nó staid airgeadais an eintitis nó, i gcás pleananna réitigh grúpa, an ghrúpa lena n-áirítear aon ghrúpeintiteas a bhféadfadh éifeacht ábhartha a bheith acu ar éifeachtacht an phlean nó ar shlí eile a d'éileodh athbhreithniú ar an bplean réitigh.

Chun na pleananna réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a athbhreithniú nó a nuashonrú, déanfaidh na hinstitiúidí, BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta aon athruithe lena n-éileofar an t-athbhreithniú nó an nuashonrú sin a chur in iúl don Bhord.

Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo tar éis na gníomhaíochtaí réitigh a chur chun feidhme nó tar éis fheidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 21.

Agus na spriocdhátaí dá dtagraítear i bpointí (o) agus (p) de mhír 9 den Airteagal seo á socrú, sna cúinsí dá dtagraítear sa tríú fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord an spriocdháta chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104b de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh a chur san áireamh.

Airteagal 8 13.
Déanfaidh an Bord na pleananna réitigh agus aon athruithe orthu sin a tharchur chuig BCE nó chuig na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas