7. Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais árachais agus athárachais measúnú ar inchreidteacht agus indéantacht a bpleananna réamhghabhálacha téarnaimh, go háirithe an creat táscairí dá dtagraítear i mír 8 agus na bearta ceartaitheacha, in aghaidh raon cásanna de dhianstrus maicreacnamaíoch agus airgeadais atá ábhartha d’imthosca sonracha an ghnóthais árachais nó athárachais, lena n-áirítear imeachtaí ar fud an chórais, imeachtaí struis neamhghnácha ar dócha go ndéanfaidís difear ábharach don phróifíl sócmhainní agus dliteanas, agus teaglaim d’imeachtaí struis den sórt sin.