5. Agus pleananna réitigh á dtarraingt suas acu, féadfaidh údaráis réitigh d’fhoghnóthais de chuid an Aontais an straitéis réitigh arna saothrú ag na húdaráis tríú tír lena mbaineann a chur san áireamh le haghaidh na ngrúpaí a bhfuil na húdaráis réitigh sin freagrach astu.
Má mheasann an t-údarás réitigh go bhfuil an straitéis réitigh sin inchreidte agus indéanta, féadfaidh sé an straitéis réitigh sin agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith aici ar an bhfoghnóthas de chuid an Aontais lena mbaineann a léiriú go hiomchuí ina phlean réitigh. Ní chuirfidh sé sin gnóthú na gcuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18 i mbaol.