2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, i gcoláistí réitigh, agus iad ag gníomhú go comhpháirteach leis na húdaráis réitigh dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (b), agus tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar comhaltaí iad de choláiste na maoirseoirí nó atá rannpháirteach sa choláiste sin dá dtagraítear in Airteagal 248(3) de Threoir 2009/138/CE, pleananna réitigh grúpa a tharraingt suas agus a choinneáil ar bun. Féadfaidh údaráis réitigh ar ghrúpleibhéal, más mian leo, agus faoi réir na gceanglas rúndachta a leagtar síos in Airteagal 80 den Treoir seo a chomhlíonadh, deis a thabhairt d’údaráis réitigh tríú tír na ndlínsí ina bhfuil foghnóthais árachais nó athárachais nó cuideachtaí sealbhaíochta árachais nó brainsí móra bunaithe ag an ngrúpa a bheith páirteach i dtarraingt suas na bpleananna réitigh grúpa agus i gcoinneáil ar bun na bpleananna réitigh grúpa, mar a shainmhínítear de bhun Airteagal 248(8) de Threoir 2009/138/CE.