2. Mura ndéanfar cinneadh comhpháirteach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach, maidir le haon cheann de na hábhair seo a leanas, déanfaidh an maoirseoir grúpa nó an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, de réir mar is infheidhme, a chinneadh féin maidir leis na hábhair sin:
|
(a)
|
athbhreithniú agus measúnú ar an bplean réamhghabhálach grúpa téarnaimh;
|
|
(b)
|
aon bheart a cheanglaítear ar an máthairghnóthas deiridh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus (5);
|
|
(c)
|
an plean réitigh grúpa;
|
|
(d)
|
na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16.
|
Beidh réasún iomlán leis an gcinneadh a dhéanfaidh an maoirseoir grúpa nó an t-údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, de réir mar is infheidhme, agus cuirfear san áireamh ann tuairimí agus agúis na n-údarás maoirseachta nó na n-údarás réitigh eile, de réir mar is infheidhme, a cuireadh in iúl le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach. Tabharfar an cinneadh don mháthairghnóthas deiridh agus do na húdaráis eile lena mbaineann.