+Airteagal 31 An uirlis díolta gnó
---+Airteagal 31 1
---+Airteagal 31 2
---+Airteagal 31 3
---+Airteagal 31 4
---+Airteagal 31 5
---+Airteagal 31 6
---+Airteagal 31 7
|
Airteagal 31 An uirlis díolta gnó
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis réitigh an méid seo a leanas a aistriú chuig ceannaitheoir nach gnóthas idirlinne é:
|
(a)
|
scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile arna n-eisiúint ag gnóthas faoi réiteach;
|
|
(b)
|
na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais ar fad, nó aon chuid díobh, atá ag gnóthas faoi réiteach.
|
|
|
Airteagal 31 2
|
2. Is ar théarmaí tráchtála a dhéanfar aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, ag féachaint do na himthosca agus i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais.
Déanfaidh na húdaráis réitigh gach beart réasúnta chun téarmaí tráchtála a aimsiú le haghaidh an aistrithe atá comhsheasmhach leis an luacháil a rinneadh de réir Airteagal 23, ag féachaint d’imthosca an cháis.
|
|
Airteagal 31 3
|
3. Maidir leis na haistrithe a cuireadh i gcrích, féadfaidh na húdaráis réitigh iad a chur ar ais, le toiliú an cheannaitheora, i gcás ina bhfágann imthosca an cháis go bhfuil bonn cirt leis sin a dhéanamh. Maidir le haon scair a aistríodh nó ionstraimí úinéireachta eile, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais, beidh oibleagáid ar an ngnóthas faoi réiteach nó ar na húinéirí bunaidh iad a thógáil ar ais.
|
|
Airteagal 31 4
|
4. Nuair a dhéantar aistriú dá dtagraítear i mír 1, ceanglófar ar cheannaitheoirí an t-údarú iomchuí a bheith acu chun an gnó a fhaigheann siad a dhéanamh. Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go ndéanfar aon iarratas ar an údarú sin a bhreithniú, in éineacht leis an aistriú, go tráthúil.
|
|
Airteagal 31 5
|
5. De mhaolú ar Airteagal 57 go 62 de Threoir 2009/138/CE, i gcás ina dtiocfaidh éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2009/138/CE as aistriú na scaireanna nó na n-ionstraimí úinéireachta de bhua uirlis díolta gnó a chur i bhfeidhm, déanfaidh údarás maoirseachta an ghnóthais árachais nó athárachais sin an measúnú a cheanglaítear faoi na hAirteagail sin ar mhodh tráthúil nach gcuireann moill ar chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó nó nach gcuireann cosc leis an ngníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh a bhaint amach.
|
|
Airteagal 31 6
|
6. I gcás nach mbeidh an measúnú dá dtagraítear i mír 5 curtha i gcrích ag an údarás maoirseachta ó dháta an aistrithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an méid seo a leanas:
|
(a)
|
beidh éifeacht dhlíthiúil láithreach ag an aistriú sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile chuig an bhfaighteoir;
|
|
(b)
|
le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f), cuirfear cearta vótála an fhaighteora, a ghabhann le scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile mar sin, ar fionraí agus déanfar iad a dhílsiú san údarás réitigh amháin, agus ní bheidh aon oibleagáid ar an údarás sin aon chearta vótála mar sin a fheidhmiú agus ní bheidh sé faoi aon dliteanas i ndáil leis na cearta vótála sin a fheidhmiú nó gan iad a fheidhmiú;
|
|
(c)
|
le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f), ní bheidh feidhm ag na pionóis ná na bearta eile maidir le sárú na gceanglas a bhaineann le sealúchais cháilitheacha a fháil nó a dhiúscairt mar a leagtar síos in Airteagal 62 de Threoir 2009/138/CE i ndáil leis an aistriú sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile;
|
|
(d)
|
nuair a bheidh measúnú an údaráis meastóireachta i gcrích, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta fógra i scríbhinn don údarás réitigh agus don fhaighteoir go pras, faoi cé acu a fhormheasann sé an t-aistriú sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile chuig an bhfaighteoir nó, i gcomhréir le hAirteagal 58(4) de Threoir 2009/138/CE, a chuireann sé ina aghaidh;
|
|
(e)
|
i gcás ina ndéanann an t-údarás maoirseachta an t-aistriú sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile chuig an bhfaighteoir a fhormheas, measfar go mbeidh na cearta vótála a ghabhann leis na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile sin dílsithe go hiomlán san fhaighteoir a luaithe a gheobhaidh an t-údarás réitigh agus an faighteoir fógra formheasa den sórt sin ón údarás maoirseachta;
|
|
(f)
|
i gcás ina gcuireann an t-údarás maoirseachta in aghaidh an aistrithe sin de scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile chuig an bhfaighteoir:
|
(i)
|
fanfaidh na cearta vótála a ghabhann leis na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile sin faoi mar a fhoráiltear i bpointe (b) i lánfheidhm agus i lán-éifeacht;
|
|
(ii)
|
féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an bhfaighteoir na scaireanna nó na hionstraimí úinéireachta eile sin a dhífheistiú laistigh de thréimhse dífheistithe arna cinneadh ag an údarás réitigh tar éis dó dálaí an mhargaidh san am a chur san áireamh;
|
|
(iii)
|
i gcás nach gcomhlíonann an faighteoir an iarraidh dá bhforáiltear i bpointe (ii), féadfaidh an t-údarás maoirseachta pionóis a fhorchur, le toiliú ón údarás réitigh, ar an bhfaighteoir, mar aon le bearta eile maidir le sárú na gceanglas a bhaineann le sealúchais cháilitheacha a fháil nó a dhiúscairt mar a leagtar síos in Airteagal 62 de Threoir 2009/138/CE.
|
|
|
|
Airteagal 31 7
|
7. Chun cearta an cheannaitheora a fheidhmiú chun seirbhísí a chur ar fáil nó chun é féin a bhunú i mBallstát eile i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE, measfar gur comharba leanúnach den ghnóthas faoi réiteach é an ceannaitheoir, agus féadfaidh an ceannaitheoir aon cheart a fheidhmiú, ar cheart é a bhíodh á fheidhmiú ag an ngnóthas faoi réiteach, i dtaca leis na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais a aistríodh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|