2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag údaráis réitigh chun a áirithiú gur féidir le soláthraí seirbhísí fíor-riachtanacha leanúint de na hearraí agus na seirbhísí a sholáthraítear, go díreach nó go hindíreach, do ghnóthas faoi réiteach a sholáthar tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
tá sócmhainní an tsoláthraí seirbhísí fíor-riachtanacha níos lú ná dliteanais an tsoláthraí, nó tá gnéithe oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé go luath amach anseo; nó
|
|
(b)
|
níl an soláthraí seirbhísí fíor-riachtanacha in ann a fhiacha nó a dhliteanais eile a íoc de réir mar a bheidh siad dlite, nó tá gnéithe oibiachtúla ann chun tacú le cinneadh go mbeidh an soláthraí seirbhísí fíor-riachtanach, go luath amach anseo, sa staid sin.
|