4. Áiritheoidh na Ballstáit go laghdófar príomhshuim na n-ionstraimí caipitil, na n-ionstraimí fiachais nó na ndliteanas incháilithe eile, nó go ndéanfar dliteanais nó ionstraimí den sórt sin a chomhshó, i gcomhréir le feidhmiú cumhachtaí díluachála nó comhshó ag údarás réitigh de chuid Ballstáit eile ar ghnóthas faoi réiteach, más rud é, maidir leis na dliteanais nó na hionstraimí ábhartha:
|
(a)
|
go rialáiltear iad le dlí an Bhallstáit seachas Ballstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó;
|
|
(b)
|
go bhfuil siad dlite do chreidiúnaithe atá lonnaithe sa Bhallstát seachas Ballstát an údaráis réitigh a d’fheidhmigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó.
|