2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis réitigh cearta chun foirceanta aon pháirtí i gconradh le foghnóthas de chuid gnóthais faoi réiteach a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
ráthóidh an gnóthas faoi réiteach na hoibleagáidí faoin gconradh sin nó tacóidh sé leo ar shlí eile;
|
|
(b)
|
ní bheidh na cearta chun foirceanta faoin gconradh sin bunaithe ach amháin ar dhócmhainneacht nó ar staid airgeadais an ghnóthais faoi réiteach;
|
|
(c)
|
i gcás aistriú cumhachta a feidhmíodh nó a fhéadfar a fheidhmiú i ndáil leis an ngnóthas faoi réiteach:
|
(i)
|
beidh sócmhainní agus dliteanais uile an fhoghnóthais a bhaineann leis an gconradh sin aistrithe chuig an bhfaighteoir nó féadfar iad a aistriú chuige agus beidh siad gafa ag an bhfaighteoir air féin nó féadfaidh sé iad a ghabháil air féin; nó
|
|
(ii)
|
soláthróidh an t-údarás réitigh cosaint leordhóthanach ar aon bhealach eile le haghaidh na n-oibleagáidí sin.
|
|
Beidh éifeacht le fionraíocht na gceart chun foirceanta ón tráth a fhoilseofar an fógra i gcomhréir le hAirteagal 65(3) go meán oíche sa Bhallstát ina bhfuil foghnóthas an ghnóthais faoi réiteach bunaithe an lá gnó tar éis an fhoilseacháin sin.