+Airteagal 52 Aitheantas conarthach a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh
---+Airteagal 52 1
---+Airteagal 52 2
---+Airteagal 52 3
---+Airteagal 52 4
---+Airteagal 52 5
|
Airteagal 52 Aitheantas conarthach a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 52 1
|
1. Ceanglóidh na Ballstáit ar eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), téarmaí a áireamh in aon chonradh airgeadais a dhéanfaidh siad agus atá faoi rialú dlíthe tríú tír, ar téarmaí iad lena n-aithníonn na páirtithe go bhféadfadh an conradh airgeadais a bheith faoi réir fheidhmiú cumhachtaí an údaráis réitigh cearta agus oibleagáidí a chur ar fionraí nó a shrianadh de réir Airteagail 49, 50 agus 51 agus go bhfuil siad faoi cheangal cheanglais Airteagal 48.
|
|
Airteagal 52 2
|
2. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal chomh maith go n-áiritheoidh máthairghnóthais deiridh go ndéanfaidh a bhfoghnóthais tríú tír ar eintitis iad dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), téarmaí a áireamh ina gcuid conarthaí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, ar téarmaí iad lena n-eisiafar gur foras bailí le haghaidh luathfhoirceanta, fionraíochta, modhnaithe, glanluachála, feidhmiú cearta fritháirimh, nó forfheidhmiú leasanna urrúis i ndáil leis na conarthaí sin, feidhmiú chumhacht an údaráis réitigh cearta agus oibleagáidí an mháthairghnóthais deiridh a chur ar fionraí nó a shrianadh, i gcomhréir le mír 1.
|
|
Airteagal 52 3
|
3. Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chonradh airgeadais:
|
(a)
|
ar conradh é lena gcruthaítear oibleagáid nua nó lena leasaítear go suntasach oibleagáid atá ann cheana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta chun an tAirteagal seo a thrasuí;
|
|
(b)
|
ar conradh é lena bhforáiltear d’fheidhmiú ceart chun foirceanta amháin nó níos mó, nó d’fheidhmiú cearta chun leasanna urrúis a fhorfheidhmiú a mbeadh feidhm ag Airteagail 48, 49, 50 nó 51 ina leith dá mbeadh an conradh airgeadais á rialú ag dlíthe Ballstáit.
|
|
|
Airteagal 52 4
|
4. I gcás nach n-áiríonn eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a) go (e), ina chonarthaí airgeadais na téarmaí conarthacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní chuirfidh sin cosc leis an údarás réitigh na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 48, 49, 50 nó 51 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí airgeadais sin.
|
|
Airteagal 52 5
|
5. Forbróidh EIOPA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun inneachar na dtéarmaí conarthacha dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, agus samhlacha gnó difriúla na n-eintiteas dá dtagraítear inti á gcur san áireamh.
Cuirfidh EIOPA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Iúil 2027.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|