1. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis réitigh, na húdaráis mhaoirseachta ná na haireachtaí inniúla faisnéis rúnda a mhalartú, lena n-áirítear pleananna réamhghabhálacha téarnaimh, le húdaráis tríú tír ábhartha ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
tá na húdaráis tríú tír sin faoi réir ceanglais agus caighdeáin maidir le rúndacht ghairmiúil a mheastar, i dtuairim na n-údarás uile lena mbaineann, a bheith ar a laghad coibhéiseach leo sin a fhorchuirtear le hAirteagal 66.
|
|
(b)
|
tá gá leis an bhfaisnéis chun go bhfeidhmeoidh na húdaráis tríú tír ábhartha a bhfeidhmeanna réitigh faoin dlí náisiúnta atá inchomparáide leo sin faoin Treoir seo agus, faoi réir phointe (a), ní úsáidtear chun aon chríche eile í.
|
Chun críocha phointe (a), a mhéid a bhaineann an malartú faisnéise le sonraí pearsanta, beidh láimhseáil agus tarchur sonraí pearsanta den sórt sin chuig údaráis tríú tír faoi rialú dhlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí.