|
+Airteagal 48 2. |
Airteagal 48 2.Beidh measúnú sa tuarascáil ar, inter alia, an bhfuil achoimre an réamheolaire, na córais nochta a leagtar amach in Airteagail 14a agus 15a, an doiciméad clárúcháin uilíoch dá dtagraítear in Airteagal 9 agus an creat do ghrinnscrúdú agus formheas an réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 20, i measc nithe eile, iomchuí fós i bhfianaise na gcuspóirí atá acu. Beidh an méid seo a leanas ar fad sa tuarascáil:
(a)
líon réamheolairí eisiúna fáis AE arna dtarraingt suas ag daoine atá i ngach ceann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 15a(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d), agus anailís ar éabhlóid gach lín den sórt sin agus ar na treochtaí i roghnú ionad trádála ag na daoine atá i dteideal úsáid a bhaint as an réamheolaire eisiúna fáis AE;
(b)
anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear, a bhuí leis an réamheolaire eisiúna fáis AE, cothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus an t-ualach riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;
(c)
líon na réamheolairí leantacha AE arna bhformheas agus anailís ar éabhlóid lín den sórt sin;
(d)
anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear, a bhuí leis an réamheolaire leantach AE, an chothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus na hualaí riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;
(e)
an costas a bhainfeadh le réamheolaire leantach AE agus réamheolaire eisiúna fáis AE a ullmhú agus a fhormheas i gcomparáid leis na costais reatha a bhaineann le réamheolaire caighdeánach a ullmhú agus a fhormheas, mar aon le léiriú ar an gcoigilteas airgeadais a baineadh amach ar an iomlán agus na costais a d’fhéadfaí a laghdú a thuilleadh i gcás an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE;
(f)
anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear leis an doiciméad a leagtar amach in Iarscríbhinn IX cothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus an t-ualach riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;
(g)
anailís ar cibé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn nósanna imeachta grinnscrúdaithe agus formheasa na n-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 20 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn an Airteagail sin, leibhéal cóineasaithe maoirseachta cuí ar fud an Aontais agus an bhfuil siad fós iomchuí i bhfianaise a gcuspóirí; beidh anailís den sórt sin bunaithe ar thuarascáil arna soláthar ag ÚEUM tráth nach déanaí ná bliain amháin roimh dháta na tuarascála athbhreithnithe ón gCoimisiún;
(h)
anailís ar cibé acu a chuidíonn nó nach gcuidíonn an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit nochtaí náisiúnta a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 3(2d) leis na ceanglais náisiúnta maidir le nochtadh a chóineasú faoi bhun na tairsí díolúine ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3(2) nó 3(2a) agus cibé acu atá nó nach bhfuil na nochtaí náisiúnta sin ina mbacainn ar thairiscint urrús don phobal sna Ballstáit sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|