+Airteagal 18a
---+Airteagal 18a 1.
---+Airteagal 18a 2.
---+Airteagal 18a 3.
---+Airteagal 18a 4.
---+Airteagal 18a 5.

Airteagal 18a

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18a 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ar a laghad na huirlisí bainistithe leachtachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IIA ar fáil do GCUI.
Airteagal 18a 2.
Roghnóidh GCUI dhá uirlis bainistithe leachtachta iomchuí ar a laghad as na huirlisí sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointí 2 go 8, tar éis measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-uirlisí sin i ndáil leis an straitéis infheistíochta atá á saothrú aige, lena phróifíl leachtachta agus lena bheartas fuascailte. Áireoidh an GCUI na huirlisí sin ina rialacha ciste nó sna hionstraimí corpraithe le haghaidh úsáid fhéideartha ar mhaithe le leas infheisteoirí an GCUI. Ní bheidh sé indéanta nach n-áireofar sa roghnú sin ach na huirlisí dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointí 5 agus 6.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh GCUI a chinneadh gan ach aon uirlis bainistithe leachtachta amháin a roghnú as na huirlisí sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointí 2 go 8, má tá an GCUI sin údaraithe mar chiste margaidh airgid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ).

Déanfaidh an GCUI beartais mhionsonraithe agus nósanna imeachta mionsonraithe a chur chun feidhme chun aon uirlis bainistithe leachtachta a roghnaítear a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú agus le haghaidh na socruithe oibríochtúla agus riaracháin chun uirlis den sórt sin a úsáid. Déanfar an roghnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír agus na beartais mhionsonraithe agus na nósanna imeachta mionsonraithe maidir le gníomhachtú agus díghníomhachtú a chur in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI.

Ní dhéanfar fuascailt chomhchineáil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 8, a ghníomhachtú ach amháin chun freastal ar na fuascailtí arna n-iarraidh ag infheisteoirí gairmiúla agus má chomhfhreagraíonn an fhuascailt chomhchineáil do sciar pro rata de na sócmhainní atá i seilbh an GCUI.

De mhaolú ar an gceathrú fomhír den mhír seo, ní gá go mbeadh an fhuascailt chomhchineáil ag comhfhreagairt do sciar pro rata de na sócmhainní atá i seilbh an GCUI mura ndéantar an GCUI sin a mhargú ach le hinfheisteoirí gairmiúla nó más rud é gurb é is aidhm le beartas infheistíochta an GCUI sin comhdhéanamh stoic áirithe nó innéacs urrús fiachais áirithe a mhacasamhlú agus gur ciste arna thrádáil ar an malartán é an GCUI sin mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (46), de Threoir 2014/65/AE.

Airteagal 18a 3.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun saintréithe na n-uirlisí bainistithe leachtachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IIA a shonrú.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA éagsúlacht straitéisí infheistíochta agus shócmhainní foluiteacha GCUInna san áireamh. Ní dhéanfar, leis na caighdeáin theicniúla rialála sin, srian a chur ar chumas GCUInna aon uirlis bainistithe leachtachta iomchuí a úsáid le haghaidh gach aicme sócmhainní, gach dlínse agus gach coinníll margaidh.

Airteagal 18a 4.
Faoin 16 Aibreán 2025, forbróidh ESMA treoirlínte maidir le roghnú agus calabrú uirlisí bainistithe leachtachta ag GCUInna le haghaidh bainistiú riosca leachtachta agus chun rioscaí cobhsaíochta airgeadais a mhaolú. Leis na treoirlínte sin, aithneofar gur ar GCUInna i gcónaí atá an phríomhfhreagracht as bainistiú riosca leachtachta. Áireofar iontu léirithe maidir leis na himthosca inar féidir taobhphócaí, dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 9, a ghníomhachtú. Tabharfar am leordhóthanach leo chun oiriúnú a dhéanamh sula mbeidh feidhm acu, go háirithe i gcás GCUInna atá ann cheana.
Airteagal 18a 5.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Aibreán 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas