+Airteagal 21 1.

Airteagal 21 1.

Agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, déanfaidh an t-údarás inniúil cáilitheach na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéanann bainisteoir um chiste chaipitil fiontair cáilitheach an méid seo a leanas:

▼B

(a) 

go mainníonn sé na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le comhdhéanamh punainne a chomhlíonadh, de shárú ar Airteagal 5;

(b) 

go ndéanann sé, de shárú ar Airteagal 6, aonaid agus scaireanna ciste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú le hinfheisteoirí neamh-incháilithe;

▼M1

(c) 

go n-úsáideann sé an sonrúchán “EuVECA” ach nach bhfuil sé cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14, nó nach bhfuil an ciste caipitil fiontair cáilitheach cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14a;

▼B

(d) 

go n-úsáideann sé an sonrúchán “EuVECA” le haghaidh margú cistí nach bhfuil bunaithe i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d’Airteagal 3;

▼M1

(e) 

má tá clárú faighte aige trí bhíthin ráitis bhréagacha, nó ar aon bhealach neamhrialta eile, de shárú ar Airteagal 14 nó Airteagal 14a;

▼B

(f) 

go mainníonn sé gníomhú go hionraic, go cothrom, leis an scil cuí, an cúram cuí nó an dúthracht chuí i seoladh a chuid gnó de shárú ar phointe (a) d’Airteagal 7;

(g) 

go mainníonn sé beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm le cosc a chur ar mhíchleachtais, de shárú ar phointe (b) d’Airteagal 7;

(h) 

go mainníonn sé arís agus arís eile na ceanglais faoi Airteagal 12 maidir leis an tuarascáil bhliantúil a chomhlíonadh;

(i) 

go mainníonn sé arís agus arís eile an oibleagáid infheisteoirí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 13 a chomhlíonadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas