+Airteagal 10 Ceanglais trédhearcachta iarthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthach
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
|
Airteagal 10 Ceanglais trédhearcachta iarthrádála le haghaidh ionaid trádála i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghas, méid agus tráth na n-idirbheart a fhorghníomhaítear maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus lamháltais astaíochtaí a thrádáiltear ar ionad trádála. Beidh feidhm ag na ceanglais sin freisin maidir le hidirbhearta a fhorghníomhaítear maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán agus maidir le díorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2). Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, tabharfaidh siad rochtain, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar a socruithe chun an fhaisnéis de bhun mhír 1 den Airteagal seo a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu, de bhun Airteagal 21, mionsonraí a n-idirbheart i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh thar an gcuntar dá dtagraítear in Airteagal 8a(2) a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Cuirfear faisnéis a bhaineann le hidirbheart pacáiste ar fáil i leith gach comhpháirt chomh gar don fhíor-am agus is féidir go teicniúil, ag féachaint don ghá atá ann praghsanna a leithdháileadh ar ionstraimí airgeadais áirithe, agus beidh bratach ar áireamh inti lena shainaithint gur cuid de phacáiste í an chomhpháirt. I gcás ina mbeidh comhpháirt den idirbheart pacáiste incháilithe le foilsiú a iarchur de bhun Airteagal 11 nó Airteagal 11a, cuirfear faisnéis maidir leis an gcomhpháirt ar fáil tar éis don tréimhse iarchurtha le haghaidh an idirbhirt dul i léig.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|