+Airteagal 32 1.
|
Airteagal 32 1.
I gcás, ar bhonn a chuid measúnaithe de bhun phointe (b) d'Airteagal 29(1), ina measann an Coimisiún nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta ag Ballstát i dtreo a gcuid cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe a bhaint amach, a gcuid pointí tagartha don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach, nó i dtaca leis na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme, eiseoidh sé moltaí don Bhallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 34. Ina mholtaí i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na himthosca ábhartha arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 5(1). Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin tionscadail fuinnimh in-athnuaite, a ndearnadh cinneadh deiridh infheistíochta ina leith, ar choinníoll go gcuirfear na tionscadail sin i bhfeidhm sa tréimhse 2021 go 2030 agus go mbeidh tionchar suntasach acu ar rannchuidiú náisiúnta Ballstáit. Ina mholtaí i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 6(1) agus ar na himthosca náisiúnta ábhartha arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6(2).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|