+Airteagal 7 3.

Airteagal 7 3.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla a fhorchur, ar a laghad, ar dhaoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 6(1) i leith na gcionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), agus beidh méid na bhfíneálacha sin comhréireach le tromchúis na hiompraíochta agus le himthosca aonair agus airgeadais agus le himthosca eile an duine dhlítheanaigh lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach lú uasleibhéal na bhfíneálacha sin ná an méid seo a leanas:

(a) 

i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (a) go (l), agus pointí (p), (s) agus (t):

(i) 

5 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a ghearradh, nó

(ii) 

méid a chomhfhreagraíonn do EUR 40 000 000 ;

(b) 

i leith cionta coiriúla a chumhdaítear le hAirteagal 3(2), pointí (m), (n), (o), (q) agus pointe (r):

(i) 

3 % de láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh, sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a ghearradh, nó

(ii) 

méid a chomhfhreagraíonn do EUR 24 000 000 ;

Féadfaidh na Ballstáit rialacha a bhunú le haghaidh cásanna nach féidir méid na fíneála a chinneadh ar bhonn láimhdeachas domhanda iomlán an duine dhlítheanaigh sa bhliain ghnó roimh an mbliain ghnó ina ndearnadh an cion, nó sa bhliain ghnó roimh an gcinneadh chun an fhíneáil a fhorchur.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas