+Airteagal 27 1

Airteagal 27 1

1.   I gcás, le linn tréimhse tagartha, nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais leordhóthanach a thuilleadh, i bhfianaise imthosca atá athraithe go suntasach nó cúrsaí sábháilteachta, agus ina bhfuil an t-athbhreithniú ar cheann amháin de na spriocanna nó ar roinnt díobh riachtanach agus comhréireach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin. Beidh feidhm ag Airteagal 22 maidir le cinneadh den sórt sin.

I gcás, tar éis athbhreithniú den sórt sin, nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sna pleananna feidhmíochta arna nglacadh de bhun Airteagal 24(6) comhsheasmhach a thuilleadh leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta athbhreithniú ar na pleananna sin i ndáil leis na spriocanna feidhmíochta lena mbaineann. Beidh feidhm ag Airteagail 23, 24 agus 25 maidir leis an athbhreithniú ar na pleananna sin. Féadfar an comhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 23(8) a theorannú, chun críocha na fomhíre seo, do na spriocanna feidhmíochta agus do na codanna de na dréachtphleananna feidhmíochta a ndéantar difear dóibh go díreach nó go hindíreach leis an athbhreithniú.

Tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ullmhóidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dréachtphleananna feidhmíochta nua, a mbeidh feidhm ag Airteagail 23, 24 agus 25 maidir leo. Déanfaidh an Bainisteoir Gréasáin Dréachtphlean Feidhmíochta Gréasáin nua a tharraingt suas, a mbeidh feidhm ag Airteagal 26 maidir leis.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas