+Airteagal 16
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.

Airteagal 16

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid chun sonraí API nó sonraí eile PNR a tharchur mar gheall ar chliseadh an ródaire, tabharfaidh eu-LISA fógra láithreach ar bhealach uathoibrithe do na haeriompróirí agus do na PIUnna faoin dodhéantacht theicniúil sin. Sa chás sin, déanfaidh eu-LISA bearta láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla agus tabharfaidh sé fógra láithreach do na haeriompróirí agus do na PIUnna nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil air.

Le linn na tréimhse ama idir na fógraí sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1), sa mhéid go gcuirtear cosc ar aistriú sonraí API nó sonraí eile PNR chuig an ródaire mar gheall ar an dodhéantacht theicniúil. Stórálfaidh aeriompróirí na sonraí API nó sonraí eile PNR go dtí go dtabharfar aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfaidh aeriompróirí na sonraí a aistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid agus i gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a fhágann gur gá do PIUnna sonraí API nó sonraí eile PNR a fháil láithreach le linn na dodhéantachta an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla, féadfaidh PIUnna iarraidh ar aeriompróirí úsáid a bhaint as aon mhodh iomchuí eile lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá chun na sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú go díreach chuig na PIUnna. Déanfaidh na PIUnna na sonraí API nó sonraí eile PNR a fhaightear trí aon mhodh iomchuí eile a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/681.

Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA gur tugadh aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndeimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 12(3) gur cuireadh tarchur na sonraí API nó na sonraí eile PNR tríd an ródaire chuig an PIU ábhartha i gcrích, scriosfaidh an PIU láithreach na sonraí API nó sonraí eile PNR a fuarthas trí aon mhodh iomchuí eile.

Airteagal 16 2.
I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid chun sonraí API nó sonraí eile PNR a tharchur mar gheall ar chliseadh córais nó bonneagair Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 23, tabharfaidh PIU an Bhallstáit sin fógra láithreach do na PIUnna eile, do eu-LISA agus don Choimisiún ar bhealach uathoibrithe faoin dodhéantacht sin ar chúiseanna teicniúla. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát bearta láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla agus tabharfaidh sé fógra láithreach do na PIUnna eile, do eu-LISA agus don Choimisiún nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil uirthi. Stórálfaidh an ródaire na sonraí API nó sonraí eile PNR go dtí go dtabharfar aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfaidh an ródaire na sonraí a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 12(1).

I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid agus i gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a fhágann gur gá do na PIUnna na sonraí API nó sonraí eile PNR a fháil láithreach le linn na tréimhse teicniúla inar dodhéanta an ródaire a úsáid, féadfaidh na PIUnna iarraidh ar aeriompróirí úsáid a bhaint as aon mhodh iomchuí eile lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá chun na sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú go díreach chuig na PIUnna. Déanfaidh na PIUnna na sonraí API nó sonraí eile PNR a fhaightear a phróiseáil trí aon mhodh iomchuí eile i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/681.

Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA gur tugadh aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndeimhneofar i gcomhréir le hAirteagal 12(3) gur cuireadh tarchur na sonraí API nó na sonraí eile PNR tríd an ródaire chuig an PIU ábhartha i gcrích, scriosfaidh an PIU láithreach na sonraí API nó na sonraí eile PNR a fuarthas trí aon mhodh iomchuí eile.

Airteagal 16 3.
I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid chun na sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú mar gheall ar chliseadh córas nó bonneagair aeriompróra dá dtagraítear in Airteagal 24, tabharfaidh an t-aeriompróir sin fógra láithreach do na PIUnna, do eu-LISA agus don Choimisiún faoin dodhéantacht theicniúil sin ar bhealach uathoibrithe. Sa chás sin, déanfaidh an t-aeriompróir bearta láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla agus tabharfaidh sé fógra láithreach do na PIUnna, do eu-LISA agus don Choimisiún nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil air.

Le linn na tréimhse ama idir na fógraí sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1), sa mhéid go gcuirtear cosc ar aistriú sonraí API nó sonraí eile PNR chuig an ródaire mar gheall ar an dodhéantacht theicniúil. Stórálfaidh aeriompróirí na sonraí API nó sonraí eile PNR go dtí go dtabharfar aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfaidh na haeriompróirí na sonraí a aistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid agus i gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a fhágann gur gá do PIUnna sonraí API nó sonraí eile PNR a fháil láithreach le linn na dodhéantachta an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla, féadfaidh na PIUnna a iarraidh ar aeriompróirí úsáid a bhaint as aon mhodh iomchuí eile lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá chun na sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú go díreach chuig na PIUnna. Déanfaidh na PIUnna na sonraí API nó sonraí eile PNR a fhaightear trí aon mhodh iomchuí eile a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/681.

Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA gur tugadh aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndeimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 12(3) gur cuireadh tarchur na sonraí API nó sonraí eile PNR tríd an ródaire chuig an PIU ábhartha i gcrích, scriosfaidh an PIU láithreach na sonraí API nó na sonraí eile PNR a fuarthas trí aon mhodh iomchuí eile.

Nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, cuirfidh an t-aeriompróir lena mbaineann, gan mhoill, faoi bhráid an údaráis maoirseachta náisiúnta API dá dtagraítear in Airteagal 37 tuarascáil ina mbeidh na mionsonraí uile is gá faoin dodhéantacht theicniúil, lena n-áirítear na cúiseanna leis an dodhéantacht theicniúil, fairsinge agus iarmhairtí na dodhéantachta sin chomh maith leis na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt uirthi.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas