|
+Airteagal 35 |
Airteagal 35Airteagal 35 Tús oibríochtaí an ródaire i ndáil le sonraí eile PNR Cinnfidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, an dáta óna gcuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí i ndáil le sonraí eile PNR trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chuirfidh eu-LISA an Coimisiún ar an eolas gur cuireadh na tástálacha cuimsitheacha ar an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 25(6) i gcrích go rathúil, lena n-áirítear maidir le hiontaofacht naisc an ródaire le haeriompróirí agus le PIUnna agus maidir le hinléiteacht na sonraí eile PNR arna n-aistriú ag aeriompróirí agus arna dtarchur ag an ródaire san fhormáid chaighdeánaithe is gá, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2016/681. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Socróidh an Coimisiún an dáta dá dtagraítear sa chéad mhír sa chaoi is nach mbeidh sé níos déanaí ná 30 lá ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|