+Airteagal 6 Oibleagáidí na n-údarás ceadúcháin
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.

Airteagal 6 Oibleagáidí na n-údarás ceadúcháin

Oibleagáidí na n-údarás ceadúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Áiritheoidh údaráis cheadúcháin go gcomhlíonfaidh monaróirí a dhéanfaidh iarratas ar chineálcheadú AE an Rialachán seo.
Airteagal 6 2.
Ní dhéanfaidh údaráis cheadúcháin cineálcheadú AE a dheonú ach amháin i gcás cineálacha innill nó aicmí inneall a chomhlíonann an Rialachán seo.
Airteagal 6 3.
Is trí IMI a chuirfidh údaráis cheadúcháin clár ar fáil don phobal, ar clár é de gach cineál innill agus aicme inneall ar deonaíodh, ar síneadh nó ar aistarraingíodh cineálcheadú AE ina leith, nó ar diúltaíodh iarratas ar chineálcheadú AE ina leith.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sa chlár sin:

(a) 

ainm agus seoladh an mhonaróra agus ainm an chomhlachta, más éagsúil;

(b) 

trádainm nó trádainmneacha nó trádmharc nó trádmharcanna, dé réir mar is iomchuí, ar leis an monaróir é nó iad;

(c) 

ainmniú na gcineálacha innill a chumhdaítear le cineálcheadú AE an chineáil innill nó, i gcás inarb infheidhme, le cineálcheadú AE na haicme innill;

(d) 

an chatagóir innill;

(e) 

uimhir chineálcheadú AE lena n-áirítear, uimhir aon sínte nó aon síntí;

(f) 

dáta deonaithe, sínte, diúltaithe nó tarraingthe siar chineálcheadú AE; agus

(g) 

an méid atá sna ranna “Faisnéis ghinearálta innill” agus “Toradh astaíochtaí deiridh” den tuarascáil ar thástálacha dá dtagraítear in Airteagal 24(12).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas