+Airteagal 15 Oibleagáidí OEManna maidir le suiteáil inneall
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
|
Airteagal 15 Oibleagáidí OEManna maidir le suiteáil inneall
Oibleagáidí OEManna maidir le suiteáil inneall
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Déanfaidh OEManna innill chineálcheadaithe AE a shuiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i gcomhréir leis na treoracha a sholáthróidh an monaróir de bhun Airteagal 43(2), agus ar shlí nach ndéanfar difear diúltach d'fheidhmíocht an innill maidir lena chuid astaíochtaí truailleán gásach agus cáithníneach.
|
|
Airteagal 15 2.
|
I gcás nach gcloífidh OEM leis na treoracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó ina modhnóidh sé inneall agus an t-inneall sin á shuiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é sa chaoi is go ndéanfar dochar d'fheidhmíocht an innill i ndáil lena chuid astaíochtaí truailleán gásach agus cáithníneach, measfar gur monaróir é an OEM sin chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé, go háirithe, faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 8 agus in Airteagal 9.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Déanfaidh OEManna innill chineálcheadaithe AE a shuiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i gcomhréir leis na cineálacha úsáide eisiaiche sin dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus i gcomhréir leis an úsáid sin amháin.
|
|
Airteagal 15 4.
|
I gcás nach mbeidh marcáil reachtúil an innill dá dtagraítear in Airteagal 32 sofheicthe gan páirteanna a bhaint, déanfaidh an OEM an mharcáil chéanna agus a sholáthair an monaróir, amhail dá dtagraítear san Airteagal sin agus sa ghníomh cur chun feidhme ábhartha í, agus í sofheicthe, a ghreamú ar an innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.
|
|
Airteagal 15 5.
|
I gcás ina ndéanfar innealra soghluaiste, nach innealra bóthair é, agus ina bhfuil inneall idirthréimhseach suiteáilte, a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 58(5), léireoidh OEManna dáta táirgthe an mheaisín shoghluaiste nach meaisín bóthair é mar chuid den mharcáil ar an meaisín.
|
|
Airteagal 15 6.
|
I gcás go ndéanfaidh monaróir inneall agus a chóras iarchóireála sceite a sheachadadh do OEM, neamhspleách ar a chéile, i gcomhréir le hAirteagal 34(3), déanfaidh an OEM, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis faoi chóimeáil an innill agus a chórais iarchóireála sceite a sholáthar don mhonaróir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|