+Airteagal 18 Ceanglais maidir le hastaíochtaí sceite le haghaidh cineálcheadú AE
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
|
Airteagal 18 Ceanglais maidir le hastaíochtaí sceite le haghaidh cineálcheadú AE
Ceanglais maidir le hastaíochtaí sceite le haghaidh cineálcheadú AE
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh cineálacha innill agus aicmí inneall deartha, tógtha agus cóimeáilte d'fhonn na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II agus sa Chaibidil seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Amhail ón dáta leis na hinnill atá leagtar amach in Iarscríbhinn III a chur ar an margadh, ní sháróidh cineálacha innill agus aicmí inneall na teorainnluachanna astaíochtaí sceite a luaitear mar Chéim V agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Nuair a chlúdaíonn aicme amháin inneall níos mó ná raon cumhachta amháin de réir na bparaiméadar a shainíonn an aicme inneall a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme ábhartha, beidh an méid seo a leanas fíor i gcás an mháthair-innill (chun críocha chineálcheadú AE) agus i gcás gach cineáil innill san aicme chéanna (chun críocha comhréireachta táirgeachta), maidir leis na raonta cumhachta infheidhme:
(a)
cloífidh siad leis na teorainnluachanna astaíochtaí is déine;
(b)
déanfar iad a thástáil ag úsáid na dtimthriallta tástála a fhreagraíonn do na teorainnluachanna astaíochtaí is déine;
(c)
beidh siad faoi réir na ndátaí is luaithe is infheidhme le haghaidh cineálcheadú AE agus le haghaidh cur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 18 3.
|
Déanfar astaíochtaí sceite cineálacha innill agus aicmí inneall a thomhas ar bhonn na dtimthriallta tástála a leagtar amach in Airteagal 24 agus i gcomhréir le hAirteagal 25.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Déanfar cineálacha inneall agus aicmí inneall a dhearadh agus a fheistiú le straitéisí rialaithe astaíochtaí sa chaoi is go ndéanfar crioscaíl a chosc a mhéid is féidir. Déanfar úsáid straitéisí uathmhaolaithe a thoirmeasc.
|
|
Airteagal 18 5.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na mionsonraí i dtaca leis na paraiméadair a bheidh le húsáid le haghaidh cineálacha innill agus aicmí innill, lena n-áirítear a gcuid modhanna oibrithe, a shainmhíniú, agus na mionsonraí teicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí chun crioscaíl amhail dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a chosc. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2016 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|