+Airteagal 19 Faireachán ar astaíochtaí inneall inseirbhíse
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
|
Airteagal 19 Faireachán ar astaíochtaí inneall inseirbhíse
Faireachán ar astaíochtaí inneall inseirbhíse
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Maidir le hastaíochtaí truailleán gásach ó innill a bhaineann le cineálacha inneall nó aicmí inneall ar Chéim V maidir le hastaíochtaí, atá cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfar faireachán ar trí thástáil a dhéanamh ar innill inseirbhíse agus atá suiteáilte in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus a oibrítear thar a ngnáth-thimthriallta dualgais oibriúcháin. Déanfar tástáil den sórt sin, faoi chúram an mhonaróra agus i gcomhréir le ceanglais an údaráis ceadúcháin, ar innill a cothabháladh i gceart agus beidh sí i gcomhréir leis na forálacha maidir le roghnú na n-inneall, le nósanna imeachta tástála agus le torthaí do na catagóirí éagsúla inneall a thuairisciú. Déanfaidh an Coimisiún cláir phíolótacha d'fhonn nósanna imeachta tástála iomchuí a fhorbairt do na catagóirí agus na fochatagóirí innill nach bhfuil nósanna imeachta tástála den sórt sin ann ina leith. Cuirfidh an Coimisiún cláir faireacháin i gcrích i gcás gach catagóire innill chun a chinneadh cá mhéid a fhreagraíonn na hastaíochtaí a thomhaistear sa timthriall tástála do na hastaíochtaí a thomhaistear san oibriú iarbhír. Bainfear leas as na cláir sin agus as na torthaí a bheidh orthu chun cur i láthair a dhéanamh do na Ballstáit ar bhonn bliantúil agus chun teachtaireacht a chur chuig an bpobal ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 chun an rialachán seo a fhorlíonadh le socruithe mionsonraithe i dtaca le hinnill, le nósanna imeachta tástála agus le tuairisciú torthaí a dtagraítear dóibh i mír 1 den Airteagal seo a roghnú. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 31 Nollaig 2016.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|