Airteagal 19 1.
Maidir le hastaíochtaí truailleán gásach ó innill a bhaineann le cineálacha inneall nó aicmí inneall ar Chéim V maidir le hastaíochtaí, atá cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfar faireachán ar trí thástáil a dhéanamh ar innill inseirbhíse agus atá suiteáilte in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é agus a oibrítear thar a ngnáth-thimthriallta dualgais oibriúcháin. Déanfar tástáil den sórt sin, faoi chúram an mhonaróra agus i gcomhréir le ceanglais an údaráis ceadúcháin, ar innill a cothabháladh i gceart agus beidh sí i gcomhréir leis na forálacha maidir le roghnú na n-inneall, le nósanna imeachta tástála agus le torthaí do na catagóirí éagsúla inneall a thuairisciú. Déanfaidh an Coimisiún cláir phíolótacha d'fhonn nósanna imeachta tástála iomchuí a fhorbairt do na catagóirí agus na fochatagóirí innill nach bhfuil nósanna imeachta tástála den sórt sin ann ina leith. Cuirfidh an Coimisiún cláir faireacháin i gcrích i gcás gach catagóire innill chun a chinneadh cá mhéid a fhreagraíonn na hastaíochtaí a thomhaistear sa timthriall tástála do na hastaíochtaí a thomhaistear san oibriú iarbhír. Bainfear leas as na cláir sin agus as na torthaí a bheidh orthu chun cur i láthair a dhéanamh do na Ballstáit ar bhonn bliantúil agus chun teachtaireacht a chur chuig an bpobal ina dhiaidh sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|