+Airteagal 20 Iarratas ar chineálcheadú AE
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.

Airteagal 20 Iarratas ar chineálcheadú AE

Iarratas ar chineálcheadú AE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.
Cuirfidh monaróirí iarratas ar leith isteach le haghaidh gach cineálcheadú AE do chineál innill nó d'aicme innill chuig údarás ceadúcháin Ballstáit, agus beidh an fillteán faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 21 ag gabháil le gach iarratas. Ní chuirfear ach aon iarratas amháin isteach i leith cineál áirithe innill nó, i gcás inarb infheidhme, i leith aicme áirithe inneall, agus is chuig aon údarás ceadúcháin amháin a chuirfear isteach é.
Airteagal 20 2.
Maidir le hinneall atá i gcomhréir le cineál innill, nó i gcás aicme inneall, saintréithe an mháthair-innill a bhfuil a thuairisc san fhillteán faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 21, cuirfidh monaróirí ar fáil é don tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha do chineálcheadú AE a dhéanamh.
Airteagal 20 3.
I gcás iarratas le haghaidh cineálcheadú AE d'aicme inneall, má dheimhníonn an t-údarás ceadúcháin, maidir leis an máthair-inneall dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nach bhfuil an t-iarratas atá curtha isteach ionadaíoch go hiomlán don aicme inneall a bhfuil a tuairisc san fhillteán faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 21, déanfaidh monaróirí inneall malartach agus, más gá, máthair-inneall breise a mheasann an t-údarás ceadúcháin é a bheith ionadaíoch don aicme inneall, a chur ar fáil le haghaidh cineálcheadú AE.
Airteagal 20 4.
Laistigh de mhí amháin ó thús a chur le táirgeadh an chineáil innill cheadaithe nó na haicme innill cheadaithe, déanfaidh na monaróirí an plean tosaigh maidir le faireachán a dhéanamh ar innill inseirbhíse a chur isteach chuig an údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE don chineál innill sin nó, i gcás inarb infheidhme, don aicme innill sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas