+Airteagal 23 Forálacha sonracha maidir leis an deimhniú ar chineálcheadú AE
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.

Airteagal 23 Forálacha sonracha maidir leis an deimhniú ar chineálcheadú AE

Forálacha sonracha maidir leis an deimhniú ar chineálcheadú AE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1.

Beidh na ceangaltáin seo a leanas san áireamh sa deimhniú ar chineálcheadú AE,:

(a) 

an pacáiste faisnéise;

(b) 

i gcás inarb infheidhme, ainmneacha agus sampla de shínithe na ndaoine a n-údaraítear dóibh ráitis comhréireachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 31 a shíniú mar aon le léiriú ar a ról sa chuideachta.

Airteagal 23 2.
Leagfaidh an Coimisiún síos teimpléad don deimhniú ar chineálcheadú AE.
Airteagal 23 3.

Maidir le gach cineál innill nó gach aicme inneall a ceadaíodh, déanfaidh an t-údarás ceadúcháin an méid seo a leanas:

(a) 

ranna ábhartha uile an deimhnithe ar chineálcheadú AE a chomhlánú agus an tuarascáil tástála a chur i gceangal;

(b) 

an t-innéacs leis an bpacáiste faisnéise a thiomsú;

(c) 

an deimhniú comhlánaithe, maille leis na ceangaltáin, a eisiúint don iarratasóir gan mhoill.

Airteagal 23 4.
I gcás cineálcheadú AE a tugadh, i gcomhréir le hAirteagal 35, faoi réir srianta maidir lena bhailíocht, nó i gcás inar díolmhaíodh an cineál innill nó an aicme innill ó cheanglais áirithe de chuid an Rialacháin seo, déanfar na srianta nó na díolúintí sin a shonrú sa deimhniú ar chineálcheadú AE.
Airteagal 23 5.
Féadfaidh na Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an teimpléad don deimhniú ar chineálcheadú AE dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2016, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas