|
+Airteagal 25 3. |
Airteagal 25 3.A mhéid a bhaineann le tomhais agus le tástálacha a dhéanamh, comhlíonfar na ceanglais theicniúla i ndáil leis an méid seo a leanas:
(a)
gléasanna agus nósanna imeachta chun na tástálacha a dhéanamh;
(b)
gléasanna agus nósanna imeachta chun na hastaíochtaí a thomhas agus a shampláil;
(c)
modhanna chun sonraí a mheasúnú agus a ríomh;
(d)
modhanna chun fachtóirí meathlaithe a chinntiú;
(e)
maidir le hinnill i gcatagóirí NRE, NRG, IWP, IWA, RLR, NRS, NRSh, SMB agus ATS, a chomhlíonann teorainneacha astaíochtaí “Chéim V” mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II iad:
(i)
modhanna chun astaíochtaí gás ó chás an chromáin a chur san áireamh;
(ii)
modhanna chun athghiniúint leanúnach nó athghiniúint annamh na gcóras iarchóireála sceite a chinneadh agus a chur san áireamh;
(f)
i dtaca le hinnill a rialaítear go leictreonach i gcatagóirí NRE, NRG, IWP, IWA, RLL agus RLR, a chomhlíonann teorainneacha astaíochtaí “Chéim V” mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II iad agus lena n-úsáidtear rialú leictreonach chun cainníocht insteallta an bhreosla agus uainiú insteallta an bhreosla araon a chinntiú nó lena n-úsáidtear rialú leictreonach chun an córas rialaithe astaíochtaí a úsáidtear chun NOx a laghdú a ghníomhachtú, a dhíghníomhachtú nó a mhodhnú:
(i)
straitéisí rialaithe astaíochtaí, agus áireofar iontu na doiciméid is gá chun na straitéisí sin a léiriú;
(ii)
bearta rialaithe NOx, agus áireofar iontu an modh a úsáidtear chun na bearta rialaithe sin a léiriú;
(iii)
ceanglais theicniúla maidir leis an limistéar atá bainteach leis an timthriall tástála foistine neamhbhóthair lena mbaineann, ar limistéar é a ndéantar rialú laistigh de ar an méid faoina gceadaítear d'astaíochtaí na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a shárú;
(iv)
roghnú phointí breise tomhais ag an tseirbhís theicniúil ón limistéar rialaithe i rith tagarthástáil na hastaíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|