+Airteagal 25 Tomhas agus tástálacha a dhéanamh le haghaidh cineálcheadú AE
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.

Airteagal 25 Tomhas agus tástálacha a dhéanamh le haghaidh cineálcheadú AE

Tomhas agus tástálacha a dhéanamh le haghaidh cineálcheadú AE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.

Déanfar na torthaí críochnaitheacha ar an tástáil ar astaíochtaí sceite d'innill atá faoi réir an Rialacháin seo a áireamh tríd an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí ar an tástail saotharlainne:

(a) 

astaíochtaí gás ó chás an chromáin, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh faoi mhír 3 agus mura n-áirítear cheana sa thomhas saotharlainne iad,;

(b) 

aon fachtóirí coigeartaithe is gá, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh faoi mhír 3 agus i gcás ina bhfuil córas iarchóireála sceite athghiniúnach san inneall,;

(c) 

i leith gach inneall, fachtóirí meathlaithe atá oiriúnach do na treimhsí buanfais astaíochta a shonraítear in Iarscríbhinn V.

Airteagal 25 2.

Maidir leis an gcineál innill nó an aicme innill a thástáil chun a chinneadh an ndéanann sé na teorainneacha astaíochtaí sceite a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfar í agus úsáid á baint as na breoslaí tagartha seo a leanas nó as na teaglamaí breosla seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a) 

díosal;

(b) 

peitreal;

(c) 

meascán peitril/ola d'innill débhuille SI;

(d) 

gás nádúrtha/bithmheatáin;

(e) 

gás peitriliam leachtaithe (GPL);

(f) 

eatánól.

Ina theannta sin, comhlíonfaidh an cineál innill nó an aicme inneall na teorainneacha maidir le hastaíochtaí sceite a leagtar amach sa Rialachán seo i leith aon bhreoslaí eile, d'aon mheascáin breosla eile agus d'aon eibleachtaí breosla eile a áiríonn monaróir in iarratas ar chineálcheadú AE agus a shonraítear san fhillteán faisnéise.

Airteagal 25 3.

A mhéid a bhaineann le tomhais agus le tástálacha a dhéanamh, comhlíonfar na ceanglais theicniúla i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

gléasanna agus nósanna imeachta chun na tástálacha a dhéanamh;

(b) 

gléasanna agus nósanna imeachta chun na hastaíochtaí a thomhas agus a shampláil;

(c) 

modhanna chun sonraí a mheasúnú agus a ríomh;

(d) 

modhanna chun fachtóirí meathlaithe a chinntiú;

(e) 

maidir le hinnill i gcatagóirí NRE, NRG, IWP, IWA, RLR, NRS, NRSh, SMB agus ATS, a chomhlíonann teorainneacha astaíochtaí “Chéim V” mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II iad:

(i) 

modhanna chun astaíochtaí gás ó chás an chromáin a chur san áireamh;

(ii) 

modhanna chun athghiniúint leanúnach nó athghiniúint annamh na gcóras iarchóireála sceite a chinneadh agus a chur san áireamh;

(f) 

i dtaca le hinnill a rialaítear go leictreonach i gcatagóirí NRE, NRG, IWP, IWA, RLL agus RLR, a chomhlíonann teorainneacha astaíochtaí “Chéim V” mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II iad agus lena n-úsáidtear rialú leictreonach chun cainníocht insteallta an bhreosla agus uainiú insteallta an bhreosla araon a chinntiú nó lena n-úsáidtear rialú leictreonach chun an córas rialaithe astaíochtaí a úsáidtear chun NOx a laghdú a ghníomhachtú, a dhíghníomhachtú nó a mhodhnú:

(i) 

straitéisí rialaithe astaíochtaí, agus áireofar iontu na doiciméid is gá chun na straitéisí sin a léiriú;

(ii) 

bearta rialaithe NOx, agus áireofar iontu an modh a úsáidtear chun na bearta rialaithe sin a léiriú;

(iii) 

ceanglais theicniúla maidir leis an limistéar atá bainteach leis an timthriall tástála foistine neamhbhóthair lena mbaineann, ar limistéar é a ndéantar rialú laistigh de ar an méid faoina gceadaítear d'astaíochtaí na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a shárú;

(iv) 

roghnú phointí breise tomhais ag an tseirbhís theicniúil ón limistéar rialaithe i rith tagarthástáil na hastaíochta.

Airteagal 25 4.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 55 ina leagfar amach an méid seo a leanas:

(a) 

an mhodheolaíocht chun na torthaí ar an tástáil saotharlainne ar an astaíocht a oiriúnú chun na fachtóirí meathlaithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 a chur san áireamh;

(b) 

saintréithe teicniúla na mbreoslaí tagartha dá dtagraítear i mír 2 agus, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais maidir leis an gcur síos ar aon bhreoslaí eile, ar aon mheascáin breosla eile nó ar aon eibleachtaí breosla eile a liostaítear san fhillteán faisnéise;

(c) 

na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na saintréithe chun na tomhais agus na tástálacha dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh;

(d) 

an modh a úsáidtear chun PN a thomhas, agus na sonraíochtaí a tugadh i sraith 06 de Rialachán UNECE Uimh. 49 á gcur san áireamh;

(e) 

na ceanglais theicniúla mhionsonraithe is infheidhme chun tástáil a dhéanamh ar na hinnill dhébhreosla nó ar na hinnill aonbhreosla ghásbhreoslaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 31 Nollaig 2016.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas