+Airteagal 30 Bailíocht chineálcheadú AE
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.
|
Airteagal 30 Bailíocht chineálcheadú AE
Bailíocht chineálcheadú AE
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Eiseofar cineálcheaduithe AE ar feadh tréimhse neamhtheoranta.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Tiocfaidh cineálcheadú AE ar inneall chun bheith neamhbhailí i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
(a)
maidir leis na ceanglais nua is infheidhme i ndáil leis an gcineál innill a cheadaítear nó, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an aicme inneall, i gcás ina mbeidh siad éigeantach maidir le cur ar an margadh agus i gcás nach féidir cineálcheadú AE a shíneadh nó a athbhreithniú dá réir sin;
(b)
i gcás ina scoirfear go cinntitheach agus go toilteanach den chineál ceadaithe innill nó den aicme cheadaithe innill a tháirgeadh;
(c)
i gcás ina rachaidh bailíocht chineálcheadú AE in éag i ngeall ar shrian i gcomhréir le hAirteagal 35(3);
(d)
i gcás inar tarraingíodh siar cineálcheadú AE i gcomhréir le hAirteagal 26(5), le hAirteagal 39(1) nó le hAirteagal 40(3).
|
|
Airteagal 30 3.
|
I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh bailíocht chineálcheadú AE i dtaca le cineál innill laistigh d'aicme inneall, agus maidir leis an gcineál sin amháin, ní rachaidh cineálcheadu AE na haicme innill atá faoi thrácht in éag ach amháin a mhéid agus a mbaineann sé leis an gcineál áirithe innill sin.
|
|
Airteagal 30 4.
|
I gcás ina scoirfear go cinntitheach de chineál áirithe innill nó, i gcás inarb infheidhme, d'aicme inneall, a tháirgeadh, tabharfaidh an monaróir fógra faoin scor sin don údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE comhfhreagrach. Laistigh de mhí amháin tar éis an fógra dá dtagraítear i bhfomhír 1 a fháil, déanfaidh an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE don chineál innill nó don aicme inneall é sin a chur in iúl d'údaráis cheadúcháin na mBallstát eile dá réir sin.
|
|
Airteagal 30 5.
|
Gan dochar do mhír 4, i gcásanna a bhfuil cineálcheadú AE d'inneall nó, i gcás inarb infheidhme, d'aicme inneall in am a bheith neamhbhailí, tabharfaidh an monaróir fógra faoin bhfíric sin don údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE comhfhreagrach. I gcásanna den sórt sin, seolfaidh an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE gach faisnéis ábhartha chuig údaráis cheadúcháin na mBallstát eile gan mhoill. Sonróidh an scéala sin go háirithe, dáta táirgthe agus uimhir aitheantais an innill dheireanaigh a táirgeadh.
|
|
Airteagal 30 6.
|
Measfar na ceanglais i dtaca le fógra a thabhairt dá dtagraítear i mír 4 agus mír 5 a bheith comhlíonta má dhéantar an fhaisnéis ábhartha a uaslódáil chuig IMI.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|