+Airteagal 32 Marcáil reachtúil na n-inneall
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
|
Airteagal 32 Marcáil reachtúil na n-inneall
Marcáil reachtúil na n-inneall
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1.
|
Déanfaidh an monaróir marcáil reachtúil a ghreamú do gach inneall a mhonaraítear i gcomhréir leis an gcineálcheadú (“an mharcáil reachtúil”).
|
|
Airteagal 32 2.
|
Maidir leis na hinnill seo a leanas, áireofar leis an marcáil reachtúil faisnéis bhreise lena gcuirfear in iúl go bhfuil an t-inneall faoi réir na díolúine ábhartha nó na forála idirthréimhsí ábhartha:
(a)
innill atá le honnmhairiú chuig tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 34(1) a monaraíodh san Aontas nó lasmuigh den Aontas agus a suiteáladh ó shin in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é san Aontas;
(b)
innill a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 34(2),(5) (6) nó (8);
(c)
innill a chuirtear ar an margadh ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 34(4);
(d)
innill idirthréimhseacha a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 58(5);
(e)
innill athsholáthair a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 34(7), 58(10) nó 58(11).
|
|
Airteagal 32 3.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an teimpléad don mharcáil reachtúil a ghlacadh, lena n-áirítear an fhaisnéis éigeantach bunriachtanach is gá nuair a fhágann an t-inneall an líne táirgthe, an fhaisnéis éigeantach bhunriachtanach is gá roimh an t-inneall a chur ar an margadh agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis fhorlíontach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2016, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|