+Airteagal 35 Díolúintí le haghaidh teicneolaíochtaí nua nó le haghaidh coincheapa nua
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.
---+Airteagal 35 6.
---+Airteagal 35 7.
---+Airteagal 35 8.
---+Airteagal 35 9.
|
Airteagal 35 Díolúintí le haghaidh teicneolaíochtaí nua nó le haghaidh coincheapa nua
Díolúintí le haghaidh teicneolaíochtaí nua nó le haghaidh coincheapa nua
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1.
|
Féadfaidh monaróir iarratas a dhéanamh ar chineálcheadú AE i ndáil le cineál innill nó aicme inneall ina gcorpraítear teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua agus nach bhfuil ag teacht le ceann amháin nó níos mó de cheanglais an Rialacháin seo, de thoradh ar na teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua sin.
|
|
Airteagal 35 2.
|
Deonóidh an t-údarás ceadúcháin cineálcheadú AE dá dtagraítear i mír 1 má comhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
luaitear san iarratas na cúiseanna nach dtagann an cineál innill nó aicme inneall le ceanglais an Rialacháin seo, de bharr na dteicneolaíochtaí nó na gcoincheap nua atá i gceist;
(b)
cuireann an t-iarratas síos ar impleachtaí comhshaoil na dteicneolaíochtaí nua nó na gcoincheap nua agus na bearta a rinneadh d'fhonn leibhéal coibhéiseach cosanta comhshaoil a áirithiú, atá coibhéiseach, ar a laghad, leis na leibhéil cosanta a sholáthraíonn ceanglais an Rialacháin seo óna n-iarrtar an díolúine;
(c)
cuirtear tuairiscí ar na tástálacha agus torthaí i láthair a chruthaíonn go gcomhlíontar an choinníoll i bpointe (b).
|
|
Airteagal 35 3.
|
Beidh deonú cineálcheadaithe AE den sórt sin dá dtagraítear i mír 1 faoi réir údarú ón gCoimisiún. Nuair is iomchuí, sonrófar san údarú ón gCoimisiún an bhfuil sé faoi réir aon srianta. Tabharfar an t-údarú sin trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.
|
|
Airteagal 35 4.
|
Ar feitheamh an chinnidh maidir le húdarú ón gCoimisiún de bhun mhír 3, féadfaidh an t-údarás ceadúcháin cineálcheadú sealadach AE a eisiúint a bheidh bailí:
(a)
ach amháin i gcríoch an Bhallstáit sin;
(b)
ach amháin i ndáil le cineál innill nó le haicme innill a chuimsítear leis an díolúine a iarrtar; agus
(c)
ar feadh 36 mhí ar a laghad.
I gcás ina n-eiseofar cineálcheadú sealadach AE, cuirfidh an t-údarás ceadúcháin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ina leith gan mhoill trí bhíthin comhaid a bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 san áireamh ann. Beidh cineál sealadach agus bailíocht chríochach theoranta chineálcheadú sealadach AE den sórt sin soiléir ó theideal an deimhnithe chomfhreagraigh ar chineálcheadú sealadach AE agus ó theideal an ráitis comhréireachta.
|
|
Airteagal 35 5.
|
I gcás ina gcinnfidh údarás ceadúcháin glacadh le cineálcheadú sealadach AE dá dtagraítear i mír 4 laistigh dá chríoch féin, déanfaidh sé sin a chur in iúl i scríbhinn don údarás ceadúcháin is ábhartha agus don Choimisiún.
|
|
Airteagal 35 6.
|
I gcás ina gcinneann an Coimisiún gan an t-údarú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt, cuirfidh an t-údarás fógra láithreach do shealbhóir chineálcheadú sealadach AE dá dtagraítear i mír 4, go gcúlghairfear cineálcheadú sealadach AE sé mhí i ndiaidh dáta dhiúltú an Choimisiúin. In ainneoin chinneadh an Choimisiúin gan an t-údarú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt, is féidir innill a monaraíodh i gcomhréir le cineálcheadú sealadach AE, sula rachaidh a bhailíocht in éag, a chur ar an margadh in aon Bhallstát ar ghlac a n-údaráis ceadúcháin leis an gcineálcheadú sealadach AE.
|
|
Airteagal 35 7.
|
Measfar na ceanglais dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 agus i mír 5 a bheith comhlíonta i gcás ina ndearnadh an fhaisnéis ábhartha a uaslódáil chuig IMI.
|
|
Airteagal 35 8.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an t-údarú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).
|
|
Airteagal 35 9.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na teimpléid chomhchuibhithe don deimhniú ar chineálcheadú AE agus don ráiteas comhréireachta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, lena n-áirítear an fhaisnéis éigeantach riachtanach a bhaineann leo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2016 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|