+Airteagal 38 Bearta maidir le fíorú
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.
|
Airteagal 38 Bearta maidir le fíorú
Bearta maidir le fíorú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 1.
|
Glacfaidh údarás ceadúcháin Ballstáit a dheonaigh cineálcheadú AE na bearta is gá, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le húdaráis ceadúcháin na mBallstát eile, chun a áirithiú go ndéantar na huimhreacha aitheantais i ndáil leis an gcineálcheadú AE sin a leithdháileadh i gceart ar mhonaróirí inneall agus go ndéanann na monaróirí inneall sin leas a bhaint astu mar is cuí sula gcuirfear an t-inneall cineálcheadaithe ar an margadh nó sula gcuirfear ar fáil ar an margadh é.
|
|
Airteagal 38 2.
|
D'fhéadfadh fíorú breise ar na huimhreacha aitheantais a dhéanamh in éineacht leis an rialú ar chomhréireacht an táirgthe a leagtar síos in Airteagal 26.
|
|
Airteagal 38 3.
|
I ndáil le fíorú na n-uimhreacha aitheantais, déanfaidh an monaróir nó ionadaí an mhonaróra, arna iarraidh sin dó nó dóibh, an fhaisnéis uile is gá a bhaineann le ceannaitheoirí an mhonaróra a chur ar fáil gan mhoill don údarás ceadúcháin freagrach maille le huimhreacha aitheantais na n-inneall a thuairiscítear mar innill tháirgthe i gcomhréir le hAirteagal 37. I gcás ina mbeidh innill ar fáil do OEM, ní cheanglófar ar an monaróir tuilleadh faisnéise a chur ar fáil.
|
|
Airteagal 38 4.
|
Mura mbeidh an monaróir, de bhun iarratas ón údarás ceadaithe, in ann comhlíonadh na gceanglas maidir le marcáil reachtúil a thaispeáint, féadfaidh an t-údarás ceadúcháin cineálcheadú AE a tugadh a aistarraingt i ndáil leis an gcineál nó an aicme inneall comhfhreagrach. Cuirfidh na húdaráis cheadúcháin in iúl dá chéile taobh istigh de mhí amháin faoi aon chineálcheadú AE a tarraingíodh siar agus na cúiseanna leis an tarraingt siar sin, i gcomhréir le hAirteagal 22(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|