+Airteagal 39 Innill nach bhfuil i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.
---+Airteagal 39 4.
---+Airteagal 39 5.

Airteagal 39 Innill nach bhfuil i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe

Innill nach bhfuil i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 39 1.
I gcás nach gcomhlíonann innill, a bhfuil marcáil reachtúil orthu agus, i gcás inarb infheidhme, a ngabhann ráiteas comhréireachta leo, cineál innill ceadaithe nó aicme innill ceadaithe, glacfaidh an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar na hinnill atá á dtáirgeadh chun comhréireachta leis an gcineál innill nó an aicme innill atá ceadaithe. Féadfar a áireamh ar bhearta den sórt sin tarraingt siar chineálcheadú AE nuair nach leor an ghníomhaíocht a rinne an monaróir.

Cuirfidh an t-údarás ceadúcháin ábhartha na bearta a ghlactar in iúl do húdaráis ceadúcháin na mBallstát eile.

Airteagal 39 2.
Chun críocha mhír 1, measfar ina dteip chun déanamh de réir an chineáil innill ceadaithe nó na haicme innill ceadaithe, imeacht ó na sonraí arna leagan amach sa deimhniú ar chineálcheadú AE nó sa phacáiste faisnéise nuair nár údaraíodh imeacht den sórt sin seo i gcomhréir le Caibidil VI.
Airteagal 39 3.
I gcás ina suífidh údarás ceadúcháin nach gcomhlíonann innill a ngabhann ráiteas comhréireachta leo, i gcás inarb infheidhme, nó a bhfuil marcáil cineálcheadaithe orthu, i an cineál innill nó an aicme innill atá ceadaithe, féadfaidh sé a iarraidh ar an údarás ceadúcháin a dheonaigh an cineálcheadú AE a fhíorú go bhfuil innill atá á dtáirgeadh i gcomhréir leis an gcineál innill ceadaithe nó an aicme innill cheadaithe i gcónaí. Ach iarraidh den sórt sin a fháil, déanfaidh an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh an cineálcheadú AE an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1a luaithe agus is féidir, agus taobh istigh de thrí mhí ó dháta na hiarrata ar a dheireanaí.
Airteagal 39 4.
Cuirfidh na húdaráis cheadúcháin in iúl dá chéile taobh istigh de mhí amháin faoi aon chineálcheadú AE a tarraingíodh siar agus na cúiseanna leis an tarraingt siar sin, i gcomhréir le hAirteagal 22(5).
Airteagal 39 5.
I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh an cineálcheadú AE an neamhchomhréireacht ar tugadh fógra faoi dó faoi a dhíospóid, déanfaidh na Ballstáit ábhartha a ndícheall an díospóid a réiteach.

Coinneoidh an t-údarás ceadúcháin an Coimisiún ar an eolas i gcónaí agus, nuair is gá, tionólfaidh an Coimisiún comhairlí iomchuí chun an díospóid a réiteach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas