+Airteagal 42 Glacadh le cineálcheaduithe coibhéiseacha innill
---+Airteagal 42 1.
---+Airteagal 42 2.
---+Airteagal 42 3.
---+Airteagal 42 4.
|
Airteagal 42 Glacadh le cineálcheaduithe coibhéiseacha innill
Glacadh le cineálcheaduithe coibhéiseacha innill
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 42 1.
|
Féadann an tAontas, i bhfianaise comhaontuithe iltaobhacha nó déthaobhacha idir an tAontas agus tríú tíortha, an choibhéis a admháil idir na coinníollacha agus na forálacha do chineálcheadú AE inneall arna mbunú faoin Rialachán seo agus na nósanna imeachta arna mbunú ag rialacháin idirnáisiúnta agus rialacháin tríú tíortha.
|
|
Airteagal 42 2.
|
Cineálcheaduithe a deonaíodh agus marcálacha reachtúla atá i gcomhréir le rialachán UNECE nó leasuithe orthu sin ar vótáil an tAontas ar a son nó ar ghlac an tAontas leo mar a sonraíodh sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4, aithneofar iad a bheith coibhéiseach le cineálcheaduithe AE a deonaíodh agus le marcálacha reachtúla a cheanglaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 42 3.
|
Aithneofar cineálcheaduithe AE, a deonaíodh ar bhonn gníomhartha Aontais mar a liostaítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4, a bheith coibhéiseach le cineálcheaduithe AE a deonaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 42 4.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na nithe seo a leanas a leagan amach:
(a)
Liosta de rialacháin UNECE nó leasuithe orthu sin, lena n-áirítear aon cheanglais a leagtar amach iontu a bhaineann lena gcur i bhfeidhm, ar vótáil an tAontas ar a son nó ar ghlac an tAontas leo, agus a mbeidh feidhm acu maidir le cineálcheadú cineálacha innill nó aicmí inneall atá le suiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é;
(b)
liosta de ghníomhartha an Aontais ar dá mbun a dheonaítear cineálcheaduithe AE, lena n-áirítear aon cheanglais a leagtar amach ann a bhaineann lena gcur i bhfeidhm.
Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 31 Nollaig 2016.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|