+Airteagal 52 Agóid i gcoinne inniúlacht na seirbhísí teicniúla
---+Airteagal 52 1.
---+Airteagal 52 2.
---+Airteagal 52 3.
---+Airteagal 52 4.
|
Airteagal 52 Agóid i gcoinne inniúlacht na seirbhísí teicniúla
Agóid i gcoinne inniúlacht na seirbhísí teicniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 52 1.
|
Fiosróidh an Coimisiún gach cás ina mbíonn amhras air nó i gcás ina dtugtar dá aire cúis amhrais i ndáil le hinniúlacht seirbhíse teicniúla nó comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagrachtaí a bhfuil seirbhís theicniúil faoina réir.
|
|
Airteagal 52 2.
|
Soláthróidh Ballstát an údaráis cheadúcháin ainmniúcháin, don Choimisiún gach faisnéis a bhaineann leis an mbonn atá le hainmniú na seirbhíse teicniúla ábhartha nó leis an ainmniú sin a choinneáil, arna iarraidh sin.
|
|
Airteagal 52 3.
|
Áiritheoidh an Coimisiún go bpléifear go rúnda le gach faisnéis íogair a gheofar le linn a chuid fiosruithe.
|
|
Airteagal 52 4.
|
Má fhaigheann an Coimisiún amach nach gcomhlíonann seirbhís theicniúil na ceanglais atá ann dá ainmniú, nó nach gcomhlíonann sí a thuilleadh iad, cuirfidh sé scéala chuig Ballstát an údaráis cheadúcháin ainmniúcháin dá réir sin d'fhonn na bearta ceartaitheacha is gá a bhunú, i gcomhar leis an mBallstát sin agus iarrfaidh sé ar an mBallstát sin na bearta ceartaitheacha sin a ghlacadh, lena n-áirítear cúlghairm an ainmnithe más gá.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|