Airteagal 48
Nósanna imeachta maidir le caighdeáin feidhmíochta agus le measúnú seirbhísí teicniúla
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na caighdeáin nach mór do na seirbhísí teicniúla a chomhlíonadh;
(b)
an nós imeachta chun na seirbhísí teicniúla, lena n-airítear an tuarascáil chomhfhreagrach, a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 49.