+Airteagal 60 Athbhreithniú
---+Airteagal 60 1.
---+Airteagal 60 2.
---+Airteagal 60 3.
---+Airteagal 60 4.
|
Airteagal 60 Athbhreithniú
Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 60 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an measúnú ar an bhféidearthacht bearta comhchuibhithe a leagan síos maidir le suiteáil gléasraí rialaithe astaíochta iarfheistithe ar innill in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana féin. Tabharfaidh an tuarascáil sin aghaidh ar bhearta teicniúla agus scéimeanna dreasachta airgeadais, mar mhodh chun cuidiú leis na Ballstáit reachtaíocht an Aontais maidir le cáilíocht aeir a chomhlíonadh trí mheasúnú a dhéanamh ar ghníomhaíocht a d'fhéadfadh a bheith ann i gcoinne thruailliú an aeir i limistéir a bhfuil daonra mór iontu, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha an Aontais maidir le státchabhair.
|
|
Airteagal 60 2.
|
Faoin 31 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a)
measúnú ar an gcumas astaíochtaí truailleán a laghdú tuilleadh, ar bhonn na dteicneolaíochtaí atá ar fáil agus anailís costais is tairbhe.
Go háirithe, d'innill de chatagóir IWP agus IWA, an measúnú ar a indéanta atá sé, ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de, an méid seo a leanas a laghdú tuilleadh:
(i)
an teorainnluach astaíochtaí d'astaíochtaí PN agus NOx, a laghdú tuilleadh;
(ii)
an fachtóir A d'innill a fheidhmíonn go hiomlán nó go páirteach le breosla gásach i gcreat oibríocht a bheadh neodrach ó thaobh díobháil aeráide de i gcomparáid le hinnill a fheidhmíonn le díosal mar bhreosla iontu a laghdú tuilleadh; agus
(iii)
teorainnluachanna PN a d'fhéadfadh a chur leis na catagóirí innill sin nach bhfuil luachanna den sórt sin leagtha amach ina leith in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;
(b)
cineálacha truailleán a d'fheadfadh a bheith ábhartha, nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, a shainaithint.
|
|
Airteagal 60 3.
|
Faoin 31 Nollaig 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le húsáid na gclásal díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 34(4) agus (5) agus le faireachán a dhéanamh ar thorthaí na dtástálacha astaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 19 agus na conclúidí uathu. Anuas ar an méid sin, sa tuarascáil sin, déanfar meastóireacht freisin ar thástálacha atá ina gceangal le haghaidh cineálcheadú AE mar a leagtar amach in Airteagal 24 agus 25 le béim ar leith ar an méid a chomhfhreagraíonn na tástálacha sin d'fhíorchoinníollacha oibriúcháin innill, agus déanfar meastóireacht freisin a indéanta a bheadh sé tástálacha ar astaíochtaí truilleán cáithníneach a thabhairt isteach mar chuid den tástáil inseirbhíse a leagtar amach in Airteagal 19.
|
|
Airteagal 60 4.
|
Maidir leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3:
(a)
beidh siad bunaithe ar chomhairliúchán leis na geallsealbhóirí ábhartha;
(b)
cuirfear san áireamh leo caighdeáin ghaolmhara an Aontais agus idirnáisiúnta atá ann cheana; agus
(c)
beidh tograí reachtacha ag gabháil leo, de réir mar is iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|