|
+Airteagal 60 2. |
Airteagal 60 2.Faoin 31 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a)
measúnú ar an gcumas astaíochtaí truailleán a laghdú tuilleadh, ar bhonn na dteicneolaíochtaí atá ar fáil agus anailís costais is tairbhe. Go háirithe, d'innill de chatagóir IWP agus IWA, an measúnú ar a indéanta atá sé, ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de, an méid seo a leanas a laghdú tuilleadh:
(i)
an teorainnluach astaíochtaí d'astaíochtaí PN agus NOx, a laghdú tuilleadh;
(ii)
an fachtóir A d'innill a fheidhmíonn go hiomlán nó go páirteach le breosla gásach i gcreat oibríocht a bheadh neodrach ó thaobh díobháil aeráide de i gcomparáid le hinnill a fheidhmíonn le díosal mar bhreosla iontu a laghdú tuilleadh; agus
(iii)
teorainnluachanna PN a d'fhéadfadh a chur leis na catagóirí innill sin nach bhfuil luachanna den sórt sin leagtha amach ina leith in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;
(b)
cineálacha truailleán a d'fheadfadh a bheith ábhartha, nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, a shainaithint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|