+Airteagal 8 Cuntas a thabhairt ar thalamh foraoise bainistithe
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.
---+Airteagal 8 10.
---+Airteagal 8 11.
|
Airteagal 8 Cuntas a thabhairt ar thalamh foraoise bainistithe
Cuntas a thabhairt ar thalamh foraoise bainistithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Tabharfaidh gach Ballstát cuntas ar astaíochtaí agus ar aistrithe atá mar thoradh ar thalamh foraoise bainistithe, arna ríomh mar astaíochtaí agus aistrithe sa tréimhse ó 2021 go 2025 lúide an luach a fhaightear trí leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit lena mbaineann a iolrú faoi chúig.
|
|
Airteagal 8 2.
|
I gcás ina bhfuil toradh na ríofa dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo diúltach i dtaca le leibhéal tagartha foraoise de chuid Ballstáit, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, glan-aistrithe iomlána nach mó ná coibhéis 3,5 % d’astaíochtaí an Bhallstáit sin ina bhonnbhliain nó ina bhonntréimhse arna sonrú in Iarscríbhinn III, arna iolrú faoi chúig, a chur san áireamh ina chuntais ar thalamh foraoise bainistithe. Glanaistrithe a eascraíonn ó linnte carbóin na dtáirgí brosna agus adhmaid lománaithe, cé is moite den chatagóir pháipéir dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1), i gcatagóir cuntasaíochta talún na talún foraoise bainistithe, ní bheidh na glanaistrithe sin faoi réir an teorannaithe sin.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Déanfaidh na Ballstáit a bpleananna cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, ina mbeidh an leibhéal tagartha foraoise atá beartaithe, a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2018 don tréimhse ó 2021 go dtí 2025. Sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta, beidh gach ceann de na míreanna a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn IV agus cuirfear ar fáil don phobal é, lena n-áirítear tríd an idirlíon.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Cinnfidh na Ballstáit a leibhéal tagartha foraoise nua féin bunaithe ar na critéir atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn IV. I gcás na Cróite, féadfar a chur san áireamh freisin, ina leibhéal tagartha foraoise, sa bhreis ar na critéir a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn IV, áitiú a críche, agus imthosca cogaidh agus iarchogaidh a raibh tionchar acu ar bhainistiú foraoise i rith na tréimhse tagartha.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Bunófar an leibhéal tagartha foraoise ar leanúint ar aghaidh leis an gcleachtas atá ann faoi láthair maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí, mar atá doiciméadaithe sa tréimhse ó 2000 go 2009 ag féachaint do thréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois i bhforaoisí náisiúnta, agus leas á bhaint as na sonraí is fearr a bhíonn ar fáil. Leis na leibhéil tagartha foraoise, mar a chinnfear iad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfear san áireamh an tionchar a bheidh amach anseo ag saintréithe dinimiciúla foraoise a bhaineann le haois ionas nach gcuirfear srian míchuí ar an déine bainistíochta foraoise mar chroíghné den chleachtas bainistithe inbhuanaithe foraoise, agus é mar aidhm linnte carbóin fadtéarmacha a chothabháil nó a neartú. Léireoidh na Ballstáit comhsheasmhacht idir na modhanna agus na sonraí a úsáidtear chun an leibhéal tagartha foraoise atá beartaithe a chinneadh sa phlean cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta agus iad sin a úsáidtear sa tuairisciú don talamh foraoise bainistithe.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le saineolaithe a cheapfaidh na Ballstáit, measúnú teicniúil ar na tuarascálacha cuntasaíochta maidir le foraoiseacht náisiúnta a thíolacfaidh na Ballstáit i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid ar cinneadh na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na ceanglais a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 5(1). Ina theannta sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta freisin. Foilseoidh an Coimisiún achoimre ar an obair atá déanta, lena n-áirítear na tuairimí a chuir na saineolaithe a cheap na Ballstáit in iúl, chomh maith leis na conclúidí a ghabhann leis sin. Eiseoidh an Coimisiún, más gá, moltaí teicniúla do na Ballstáit ina léireofar conclúidí an mheasúnaithe theicniúil le gur féidir an t-athbhreithniú teicniúil a dhéanamh ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe. Foilseoidh an Coimisiún na moltaí teicniúla sin.
|
|
Airteagal 8 7.
|
I gcás inar gá, bunaithe ar na measúnuithe teicniúla arna ndéanamh de bhun mhír 6, an chéad fhomhír, agus, i gcás inarb infheidhme, ar na moltaí teicniúla arna n-eisiúint de bhun mhír 6, an dara fomhír, cuirfidh na Ballstáit a leibhéil tagartha foraoise athbhreithnithe atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2019 don tréimhse ó 2021 go dtí 2025. Déanfaidh an Coimisiún na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe a chuirfidh na Ballstáit in iúl dó a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 8 8.
|
Bunaithe ar na leibhéil tagartha foraoise atá beartaithe arna dtíolacadh ag Ballstáit, ar an measúnú teicniúil arna dhéanamh de bhun mhír 6 den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, ar an leibhéal tagartha foraoise athbhreithnithe atá beartaithe arna thíolacadh faoi mhír 7 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Iarscríbhinn IV d’fhonn na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit don tréimhse ó 2021 go 2025 a leagan síos.
|
|
Airteagal 8 9.
|
Mura gcuireann Ballstát a leibhéal tagartha foraoise faoi bhráid an Choimisiúin faoi na dátaí a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 7 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Iarscríbhinn IV d’fhonn an leibhéal tagartha foraoise a chuirfidh an Ballstát sin i bhfeidhm don tréimhse ó 2021 go 2025 a leagan síos, bunaithe ar aon mheasúnú teicniúil arna dhéanamh de bhun mhír 6 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 8 10.
|
Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i míreanna 8 agus 9 faoin 31 Deireadh Fómhair 2020 don tréimhse ó 2021 go 2025.
|
|
Airteagal 8 11.
|
Chun comhsheasmhacht, dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, a áirithiú, cuirfidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, ceartúcháin theicniúla, nach n-éilítear leasuithe ar na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 8 nó 9 den Airteagal seo roimhe seo leo, faoi bhráid an Choimisiúin, faoi na dátaí dá dtagraítear in Airteagal 14(1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|