+Airteagal 6 Solúbthacht le haghaidh Ballstáit áirithe i ndiaidh laghdú ar lamháltais EU ETS
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 3a.
---+Airteagal 6 3b.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
|
Airteagal 6 Solúbthacht le haghaidh Ballstáit áirithe i ndiaidh laghdú ar lamháltais EU ETS
Solúbthacht le haghaidh Ballstáit áirithe i ndiaidh laghdú ar lamháltais EU ETS
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar cealú teoranta dar luach suas le 100 milliún lamháltas faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a thabhairt san áireamh go comhpháirteach ina leith i dtaca le comhlíonadh an Rialacháin seo. Bainfear an cealú sin as na méideanna a bhaineann le ceantáil lamháltas an Bhallstáit lena mbaineann de bhun Airteagal 10 de Threoir 2003/87/CE.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Cuirfear na lamháltais EU ETS a úsáidtear faoi mhír 1 den Airteagal seo san áireamh mar lamháltais EU ETS i gcúrsaíocht chun críocha Airteagal 1(4) de Chinneadh (AE) 2015/1814. Sa chéad athbhreithniú a dhéanfaidh sé de bhun Airteagal 3 den Chinneadh sin, measfaidh an Coimisiún cé acu an gcoimeádfar nó nach gcoimeádfar an chuntasaíocht a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.
|
|
Airteagal 6 3.
|
I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi 31 Nollaig 2019 má bhíonn rún acu úsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse 2021 go 2030 do gach Ballstát lena mbaineann, i dtaca le comhlíonadh an Bhallstáit faoi Airteagal 9. I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh siad a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán ar thug siad fógra ina leith uair amháin in 2024 agus uair amháin in 2027. I gcás mar sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2024 nó faoin 31 Nollaig 2027, faoi seach.
|
|
Airteagal 6 3a.
|
Tabharfaidh Málta fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2023 má tá rún aige úsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais CTA AE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse ó 2025 go 2030 le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9.
|
|
Airteagal 6 3b.
|
In ainneoin a bhfuil i mír 3, i gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil fógra tugtha acu don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 go bhfuil rún acu úsáid nó lánúsáid a bhaint as cealú teoranta lamháltais CTA AE dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2023 má tá rún acu úsáid a bhaint as an gcealú teoranta lamháltais CTA AE sin nó úsáid bhreise a bhaint as, suas leis an gcéatadán a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtaca le gach bliain den tréimhse ó 2025 go 2030 do gach Ballstát lena mbaineann, le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Arna iarraidh sin do Bhallstát, cuirfidh an Riarthóir Lárnach a ainmníodh de bhun Airteagal 20(1) de Threoir 2003/87/CE (“an Riarthóir Lárnach”) san áireamh méid suas leis an gcainníocht iomlán arna cinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo i ndáil le comhlíonadh an Bhallstáit sin faoi Airteagal 9 den Rialachán seo. Déanfar an deichiú cuid de lamháltais CTA AE, arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo, a chealú de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE i ndáil le gach bliain ó 2021 go 2030 i gcás an Bhallstáit sin. Déanfar an séú cuid de lamháltais CTA AE arna gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo, a chealú de bhun Airteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE i ndáil le gach bliain ó 2025 go 2030 i gcás na mBallstáit a mbeidh fógra tugtha acu don Choimisiún de bhun mhíreanna 3a agus 3b den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 6 5.
|
I gcás ina bhfuil Ballstát, i gcomhréir le mír 3, tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún faoina chinneadh an céatadán ar thug sé fógra ina leith roimhe sin a athbhreithniú, déanfar cainníocht chomhfhreagrach níos ísle nó níos airde de lamháltais CTA AE a chur ar ceal i gcás an Bhallstáit sin i ndáil le gach bliain ó 2026 go 2030 nó ó 2028 go 2030, faoi seach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|