|
+Airteagal 2 2. |
Airteagal 2 2.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
dramhaíl, lena n-áirítear fuíolluisce agus iarmhair, a ghintear trí ghnáthoibriú long agus ardán amach ón gcósta go dtí go ndíluchtófar an dramhaíl sin chun críoch aisghabhála nó diúscartha, ar choinníoll go bhfuil an dramhaíl faoi réir cheanglais Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long nó ionstraimí idirnáisiúnta ceangailteacha ábhartha eile;
(b)
dramhaíl a ghintear ar bord feithiclí, traenacha, eitleán agus long, go dtí go ndíluchtófar an dramhaíl sin chun críoch aisghabhála nó diúscartha;
(c)
loingsithe dramhaíola radaighníomhaí a shainmhínítear in Airteagal 5 de Threoir 2006/117/Euratom ón gComhairle ( 2 );
(d)
loingsithe seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (1) agus (2), de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, faoi seach, seachas seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe atá measctha nó éillithe le dramhaíl a liostaítear mar dhramhaíl ghuaiseach sa liosta de dhramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(e)
loingsithe fuíolluisce a chumhdaítear le Treoir 91/271/CEE ón gComhairle ( 3 ) nó le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais;
(f)
loingsithe substaintí atá beartaithe lena n-úsáid mar ábhair bheatha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2), pointe(g), de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) agus nach fotháirgí ainmhithe iad nó nach bhfuil fotháirgí ainmhithe iontu.
(g)
loingsithe dramhaíola ón Antartach isteach san Aontas i gcomhréir le ceanglais an Phrótacail um Chosaint Comhshaoil a ghabhann leis an gConradh Antartach ( 5 );
(h)
loingsithe dé-ocsaíde carbóin chun críoch stórála geolaíche i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );
(i)
longa atá faoi bhratach Ballstáit a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, cé is moite de longa a meastar:
(i)
gur dramhaíl ghuaiseach iad, atá suite i limistéar faoi dhlínse náisiúnta Ballstáit agus a onnmhairítear ón Aontas lena haisghabháil, nach bhfuil feidhm ach ag Airteagail 39, 48, 49 agus Teideal VII den Rialachán seo maidir léi; nó
(ii)
gur dramhaíl iad, atá suite i limistéar faoi dhlínse náisiúnta Ballstáit agus atá beartaithe lena diúscairt; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|