+Airteagal 8 Iarrataí ar fhaisnéis agus doiciméadacht arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla lena mbaineann
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.
---+Airteagal 8 10.
---+Airteagal 8 11.
---+Airteagal 8 12.
---+Airteagal 8 13.
|
Airteagal 8 Iarrataí ar fhaisnéis agus doiciméadacht arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla lena mbaineann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Má mheastar nach ndearnadh an fógra mar is ceart dá dtagraítear in Airteagal 5(5), iarrfaidh an t-údarás inniúil seolta faisnéis agus doiciméadacht ón bhfógróir i gcomhréir le hAirteagal 5(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 5(4).
|
|
Airteagal 8 2.
|
Cuirfear an iarraidh ar fhaisnéis agus doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an fhógróra a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an fógra a thíolacadh.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Soláthróidh an fógróir an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis don údarás inniúil seolta an iarraidh a dhéanamh. Má iarrann an fógróir é, féadfaidh an t-údarás inniúil seolta síneadh ama réasúnta a chur leis an spriocdháta sin má thugann an fógróir míniú réasúnaithe i dtaobh cén fáth a bhfuil gá le síneadh den sórt sin chun gur féidir an fhaisnéis agus an doiciméadacht a iarradh a sholáthar.
|
|
Airteagal 8 4.
|
I gcás, tar éis don spriocdháta dá dtagraítear i mír 3 dul in éag, ina measann an t-údarás inniúil seolta nach ndearnadh an fógra mar is ceart dá dtagraítear in Airteagal 5(5), nó ina bhfuil faisnéis agus doiciméadacht bhreise dá dtagraítear in Airteagal 5(4) fós ag teastáil, féadfaidh sé, a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná 7 lá oibre tar éis don spriocdháta dá dtagraítear i mír 3 dul in éag, suas le dhá iarraidh eile ar fhaisnéis agus ar dhoiciméadacht a dhéanamh ón bhfógróir i gcomhréir le mír 2. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 3 maidir le haon iarraidh den sórt sin.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil seolta a chinneadh nach bhfuil an fógra bailí agus nach ndearnadh tuilleadh próiseála air, mura leor an fhaisnéis agus an doiciméadacht a soláthraíodh nó i gcás nár sholáthair an fógróir aon fhaisnéis, laistigh den spriocdháta dá dtagraítear i mír 3, nó i gcás ina ndearnadh an chéad iarraidh de bhun mhír 4, laistigh den spriocdháta dá dtagraítear sa mhír sin. Cinnfidh an t-údarás inniúil seolta nach bhfuil an fógra bailí agus nach bhfuil tuilleadh próiseála le déanamh air, mura leor an fhaisnéis agus an doiciméadacht a soláthraíodh ar an iarraidh dheiridh a rinneadh i gcomhréir le mír 4 nó i gcás nár sholáthair an fógróir aon fhaisnéis, laistigh den spriocdháta dá dtagraítear i mír 4. Cuirfidh an t-údarás inniúil seolta an fógróir agus na húdaráis inniúla eile lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh de bhun na míre seo a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 7 lá oibre tar éis don spriocdháta dá dtagraítear i mír 3, nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 4, dul in éag.
|
|
Airteagal 8 6.
|
I gcás ina measann an t-údarás inniúil seolta go ndearnadh an fógra mar is ceart dá dtagraítear in Airteagal 5(5), a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an fógra arna dhéanamh mar is ceart a thíolacadh, nó laistigh de 7 lá oibre ón dáta tar éis don spriocdháta dá dtagraítear i mír 3, nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 4, dul in éag, déanfaidh sé an fógróir agus údaráis inniúla eile lena mbaineann a chur ar an eolas faoin méid sin.
|
|
Airteagal 8 7.
|
I gcás ina measann an t-údarás inniúil cinn scríbe nó aon údarás inniúil idirthurais go bhfuil gá le faisnéis agus doiciméadacht i gcomhréir le hAirteagal 5(3) nó le faisnéis agus doiciméadacht bhreise dá dtagraítear in Airteagal 5(4), déanfaidh sé, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a fháil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin a iarraidh ar an bhfógróir agus na húdaráis inniúla eile a chur ar an eolas faoin iarraidh sin.
|
|
Airteagal 8 8.
|
Soláthróidh an fógróir an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 7, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis na hiarrata ón údarás inniúil lena mbaineann. Má iarrann an fógróir é, féadfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann síneadh ama réasúnta a chur leis an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, má thugann an fógróir míniú réasúnaithe i dtaobh cén fáth a bhfuil gá le síneadh den sórt sin chun gur féidir an fhaisnéis agus an doiciméadacht a iarradh a sholáthar.
|
|
Airteagal 8 9.
|
I gcás ina measann an t-údarás inniúil cinn scríbe nó aon údarás inniúil idirthurais go bhfuil gá fós le faisnéis agus doiciméadacht de bhun Airteagal 5(3) nó le faisnéis agus doiciméadacht bhreise de bhun Airteagal 5(4), féadfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 7 lá oibre tar éis don spriocdháta dá dtagraítear i mír 8 dul in éag, suas le dhá iarraidh eile a dhéanamh ar fhaisnéis agus doiciméadacht ón bhfógróir i gcomhréir le mír 7. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 8 maidir le hiarraidh den sórt sin.
|
|
Airteagal 8 10.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil cinn scríbe nó aon údarás inniúil idirthurais a chinneadh nach bhfuil an fógra bailí agus nach ndéanfar tuilleadh próiseála air mura leor an fhaisnéis agus an doiciméadacht a soláthraíodh nó i gcás nár sholáthair an fógróir aon fhaisnéis laistigh den spriocdháta dá dtagraítear i mír 8 nó, i gcás ina ndearnadh an chéad iarraidh de bhun mhír 9, laistigh den spriocdháta dá dtagraítear sa mhír sin. Cinnfidh an t-údarás cinn scríbe nó aon údarás inniúil idirthurais nach bhfuil an fógra bailí agus nach ndéanfar tuilleadh próiseála air, mura leor an fhaisnéis agus an doiciméadacht a soláthraíodh ar an iarraidh dheiridh a rinneadh i gcomhréir le mír 8 nó i gcás nár sholáthair an fógróir aon fhaisnéis, laistigh den spriocdháta dá dtagraítear i mír 8. Cuirfidh an t-údarás inniúil cinn scríbe nó aon údarás inniúil idirthurais an fógróir agus na húdaráis inniúla eile lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh de bhun na míre seo, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 7 lá oibre tar éis don spriocdháta dá dtagraítear i mír 8, nó, i gcás inarb infheidhme, i mír 9 dul in éag.
|
|
Airteagal 8 11.
|
Cuirfidh an t-údarás inniúil cinn scríbe nó aon údarás inniúil idirthurais in iúl don fhógróir agus do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann go bhfuil sé sásta leis an bhfógra arna dhéanamh mar is ceart, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 3 lá oibre tar éis an fhaisnéis a fháil dá dtagraítear i mír 6 nó go bhfuil sé sásta leis an bhfaisnéis agus leis an doiciméadacht, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 3 lá oibre tar éis don fhógróir an fhaisnéis agus an doiciméadacht a iarradh a sholáthar de bhun mhír 8 agus, i gcás inarb ábhartha, mhír 9.
|
|
Airteagal 8 12.
|
I gcás inar comhlánaíodh an fógra mar is ceart, dá dtagraítear in Airteagal 5(6), agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 11 á cur san áireamh, déanfaidh an t-údarás inniúil cinn scríbe an fógróir agus an t-údarás inniúil seolta agus aon údarás inniúil idirthurais lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach faoi sin.
|
|
Airteagal 8 13.
|
I gcás, laistigh de 30 lá oibre ón lá tar éis an fógra a thíolacadh nó tar éis an fhaisnéis agus an doiciméadacht a bheith soláthraithe i gcomhréir le mír 3 nó 4, nár ghníomhaigh an t-údarás inniúil seolta i gcomhréir le mír 1, 5 nó 6, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe don fhógróir arna iarraidh sin. I gcás, laistigh de 30 lá oibre tar éis don spriocdháta dá dtagraítear i mír 7 dul in éag, nó tar éis faisnéis agus doiciméadacht a bheith soláthraithe i gcomhréir le mír 8 nó 9, nár ghníomhaigh an t-údarás inniúil cinn scríbe nó aon údarás inniúil idirthurais i gcomhréir le mír 7 nó mír 9, 10, 11 nó 12, soláthróidh sé míniú réasúnaithe don fhógróir arna iarraidh sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|