+Airteagal 10 Coinníollacha maidir le toiliú le loingsiú dramhaíola
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.

Airteagal 10 Coinníollacha maidir le toiliú le loingsiú dramhaíola

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
Féadfaidh na húdaráis inniúla seolta, na húdaráis inniúla cinn scríbe agus na húdaráis inniúla idirthurais, laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9(1), coinníollacha a leagan síos le haghaidh a dtoilithe maidir le loingsiú faoina dtugtar fógra. Beidh na coinníollacha sin réasúnaithe go cuí agus féadfar iad a bhunú ar cheann amháin nó níos mó de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 11 nó ar na forais a liostaítear in Airteagal 12.
Airteagal 10 2.
Chomh maith leis sin, féadfaidh na húdaráis inniúla seolta, na húdaráis inniúla cinn scríbe agus na húdaráis inniúla idirthurais, laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9(1), coinníollacha a leagan síos maidir le dramhaíl a iompar laistigh dá ndlínse náisiúnta. Ní bheidh na coinníollacha iompair sin níos déine ná na cinn a leagtar síos maidir le hiompar dramhaíola arna ndéanamh go hiomlán laistigh dá ndlínse náisiúnta agus déanfar comhaontuithe atá ann cheana, go háirithe comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, a chur san áireamh iontu.
Airteagal 10 3.
Chomh maith leis sin, féadfaidh na húdaráis inniúla seolta, na húdaráis inniúla cinn scríbe agus na húdaráis inniúla idirthurais, laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9(1), coinníoll a leagan síos lena measfar go mbeidh a dtoiliú tarraingthe siar mura mbeidh an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach infheidhme ar a dhéanaí tráth a chomhlánófar an doiciméad gluaiseachta de bhun Airteagal 16(2), mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(3).
Airteagal 10 4.
Déanfaidh an t-údarás inniúil a leagann síos na coinníollacha iad a shonrú sa doiciméad fógartha nó a chur i gceangal leis an doiciméad sin.
Airteagal 10 5.
Ina theannta sin, féadfaidh an t-údarás inniúil cinn scríbe, laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9(1), coinníoll a leagan síos go gcoinneoidh an tsaoráid a gheobhaidh an dramhaíl taifead rialta ar ionchuir, aschuir agus/nó iarmhéideanna le haghaidh na ndramhaíolacha agus na n-oibríochtaí aisghabhála nó diúscartha gaolmhara mar a shonraítear san fhógra, agus ar feadh thréimhse bhailíochta an fhógra. Síneoidh duine a bheidh freagrach go dlíthiúil as an tsaoráid na taifid sin agus cuirfear na taifid faoi bhráid an údaráis inniúil cinn scríbe laistigh de 1 mhí ó chur i gcrích na hoibríochta aisghabhála nó diúscartha faoina dtugtar fógra.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas