+Airteagal 11 Coinníollacha le haghaidh loingsithe dramhaíola atá beartaithe lena haisghabháil
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.

Airteagal 11 Coinníollacha le haghaidh loingsithe dramhaíola atá beartaithe lena haisghabháil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.

I gcás ina gcuirtear isteach fógra maidir le loingsiú dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt i gcomhréir le hAirteagal 5, ní thabharfaidh na húdaráis inniúla seolta ná na húdaráis inniúla cinn scríbe a dtoiliú maidir leis an loingsiú sin, laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ach amháin sa chás go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go léireoidh an fógróir:

(i) 

nach bhfuil aisghabháil na dramhaíola indéanta ar mhodh atá teicniúil réasúnach ó thaobh na heacnamaíochta de, nó nach mór an dramhaíl a dhiúscairt mar gheall ar oibleagáidí dlíthiúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta;

(ii) 

nach bhfuil diúscairt na dramhaíola indéanta ar mhodh atá teicniúil réasúnach ó thaobh na heacnamaíochta de sa tír inar táirgeadh í;

(iii) 

go bhfuil an loingsiú dramhaíola nó an diúscairt atá beartaithe i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le prionsabail na gaireachta agus na neamhthuilleamaíochta mar a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE agus go ndéantar an dramhaíl ghaolmhar a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 59;

(b) 

nach bhfuil faisnéis ag na húdaráis inniúla lena mbaineann gur ciontaíodh an fógróir nó an coinsíní as loingsiú neamhdhleathach a dhéanamh nó as aon ghníomh neamhdhleathach eile a dhéanamh i ndáil le cosaint an chomhshaoil nó cosaint shláinte an duine sna 5 bliana roimh thíolacadh an fhógra;

(c) 

nach bhfuil faisnéis ag na húdaráis inniúla lena mbaineann gur mhainnigh an fógróir ná an tsaoráid arís agus arís eile, sna 5 bliana roimh thíolacadh an fhógra, Airteagail 15 agus 16 a chomhlíonadh i ndáil le loingsithe dramhaíola roimhe sin;

(d) 

nár fheidhmigh an Ballstát cinn scríbe a cheart de bhun Airteagal 4(1) de Choinbhinsiún Basel allmhairiú dramhaíola guaisí nó dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a thoirmeasc;

(e) 

go bhfuil an loingsiú agus an diúscairt bheartaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, ord poiblí, sábháilteacht phoiblí nó cosaint sláinte sa Bhallstát ina bhfuil an t-údarás inniúil suite;

(f) 

nach mbeidh an loingsiú nó an diúscairt atá beartaithe contrártha do na hoibleagáidí a eascraíonn as coinbhinsiúin idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann nó ag an Aontas;

(g) 

go ndéanfar an dramhaíl a chóireáil i gcomhréir le caighdeáin um chosaint an chomhshaoil atá ceangailteach ó thaobh an dlí i ndáil le diúscairt faoi dhlí an Aontais nó a bhunaítear i bpleananna bainistithe dramhaíola arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 28 de Threoir 2008/98/CE, agus, má chumhdaítear an tsaoráid le Treoir 2010/75/AE, go ndéanfaidh an tsaoráid na teicnící is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) den Treoir sin i gcomhréir le cead na saoráide;

(h) 

nach dramhaíl chathrach mheasctha í an dramhaíl arna bailiú ó theaghlaigh phríobháideacha nó ó tháirgeoirí eile dramhaíola nó ón dá dhream, ná dramhaíl chathrach mheasctha a cuireadh faoi oibríocht cóireála dramhaíola nár athraigh a hairíonna go substaintiúil.

Airteagal 11 2.
De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), i gcás ina léiríonn an fógróir go dtáirgtear an dramhaíl lena mbaineann i gcainníocht chomh beag sin go foriomlán in aghaidh na bliana i mBallstát seolta nach mbeadh soláthar saoráidí diúscartha speisialaithe nua laistigh den Bhallstát sin inmharthana ar bhonn eacnamaíoch, ní bheidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (a)(ii) agus (iii).
Airteagal 11 3.
I gcás ina dtugann údarás inniúil idirthurais toiliú maidir le loingsiú i gcomhréir le hAirteagal 9(1), ní chuirfear san áireamh ach na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (b),(c), (e) agus (f), den Airteagal seo.
Airteagal 11 4.
Déanfar tagairt sa tuarascáil don fhaisnéis maidir le toilithe arna dtabhairt ag údaráis inniúla, i gcomhréir le mír 1 gcomhréir le hAirteagal 73. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit go léir ar an eolas faoi na toilithe sin a glacadh sa bhliain féilire roimhe sin.
Airteagal 11 5.
Faoin 21 Bealtaine 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunófar critéir mhionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1, pointe (a), chun a shonrú conas atá an indéantacht theicniúil agus an inmharthanacht eacnamaíoch dá dtagraítear i bpointí (a)(i) agus (ii) den mhír sin le léiriú ag fógróirí agus le measúnú ag údaráis inniúla. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas