+Airteagal 11 1.

Airteagal 11 1.

I gcás ina gcuirtear isteach fógra maidir le loingsiú dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt i gcomhréir le hAirteagal 5, ní thabharfaidh na húdaráis inniúla seolta ná na húdaráis inniúla cinn scríbe a dtoiliú maidir leis an loingsiú sin, laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ach amháin sa chás go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go léireoidh an fógróir:

(i) 

nach bhfuil aisghabháil na dramhaíola indéanta ar mhodh atá teicniúil réasúnach ó thaobh na heacnamaíochta de, nó nach mór an dramhaíl a dhiúscairt mar gheall ar oibleagáidí dlíthiúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta;

(ii) 

nach bhfuil diúscairt na dramhaíola indéanta ar mhodh atá teicniúil réasúnach ó thaobh na heacnamaíochta de sa tír inar táirgeadh í;

(iii) 

go bhfuil an loingsiú dramhaíola nó an diúscairt atá beartaithe i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le prionsabail na gaireachta agus na neamhthuilleamaíochta mar a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE agus go ndéantar an dramhaíl ghaolmhar a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 59;

(b) 

nach bhfuil faisnéis ag na húdaráis inniúla lena mbaineann gur ciontaíodh an fógróir nó an coinsíní as loingsiú neamhdhleathach a dhéanamh nó as aon ghníomh neamhdhleathach eile a dhéanamh i ndáil le cosaint an chomhshaoil nó cosaint shláinte an duine sna 5 bliana roimh thíolacadh an fhógra;

(c) 

nach bhfuil faisnéis ag na húdaráis inniúla lena mbaineann gur mhainnigh an fógróir ná an tsaoráid arís agus arís eile, sna 5 bliana roimh thíolacadh an fhógra, Airteagail 15 agus 16 a chomhlíonadh i ndáil le loingsithe dramhaíola roimhe sin;

(d) 

nár fheidhmigh an Ballstát cinn scríbe a cheart de bhun Airteagal 4(1) de Choinbhinsiún Basel allmhairiú dramhaíola guaisí nó dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a thoirmeasc;

(e) 

go bhfuil an loingsiú agus an diúscairt bheartaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, ord poiblí, sábháilteacht phoiblí nó cosaint sláinte sa Bhallstát ina bhfuil an t-údarás inniúil suite;

(f) 

nach mbeidh an loingsiú nó an diúscairt atá beartaithe contrártha do na hoibleagáidí a eascraíonn as coinbhinsiúin idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann nó ag an Aontas;

(g) 

go ndéanfar an dramhaíl a chóireáil i gcomhréir le caighdeáin um chosaint an chomhshaoil atá ceangailteach ó thaobh an dlí i ndáil le diúscairt faoi dhlí an Aontais nó a bhunaítear i bpleananna bainistithe dramhaíola arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 28 de Threoir 2008/98/CE, agus, má chumhdaítear an tsaoráid le Treoir 2010/75/AE, go ndéanfaidh an tsaoráid na teicnící is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) den Treoir sin i gcomhréir le cead na saoráide;

(h) 

nach dramhaíl chathrach mheasctha í an dramhaíl arna bailiú ó theaghlaigh phríobháideacha nó ó tháirgeoirí eile dramhaíola nó ón dá dhream, ná dramhaíl chathrach mheasctha a cuireadh faoi oibríocht cóireála dramhaíola nár athraigh a hairíonna go substaintiúil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas