+Airteagal 12 Agóidí maidir le loingsithe dramhaíola atá beartaithe lena haisghabháil
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.

Airteagal 12 Agóidí maidir le loingsithe dramhaíola atá beartaithe lena haisghabháil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.

I gcás ina mbeidh fógra curtha isteach maidir le loingsiú dramhaíola atá beartaithe lena haisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 5, féadfaidh na húdaráis inniúla cinn scríbe agus na húdaráis inniúla seolta, laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9(1), agóidí réasúnaithe a dhéanamh bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a) 

ní bheadh an loingsiú ná an aisghabháil i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE;

(b) 

ní dhéanfar an dramhaíl lena mbaineann a chóireáil i gcomhréir le pleananna bainistithe dramhaíola nó pleananna coiscthe dramhaíola arna dtarraingt suas ag na tíortha seolta nó cinn scríbe, faoi seach, de bhun Airteagail 28 agus 29 de Threoir 2008/98/CE;

(c) 

ní bheadh an loingsiú ná an aisghabháil i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, ord poiblí, sábháilteacht phoiblí nó cosaint na sláinte poiblí maidir le gníomhartha arna ndéanamh sa tír ina bhfuil an t-údarás inniúil a ndéanfaidh an agóid;

(d) 

ní bheadh an loingsiú ná an aisghabháil i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sa tír seolta maidir le haisghabháil na dramhaíola agus maidir le haisghabháil nó diúscairt dramhaíola iarmharaí arna giniúint trí aisghabháil na dramhaíola lena mbaineann a seoladh, lena n-áirítear i gcás ina mbainfeadh an loingsiú le dramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil i saoráid a bhfuil caighdeáin aisghabhála níos ísle aici maidir leis an dramhaíl áirithe ná na caighdeáin aisghabhála sa tír seolta, agus urraim á tabhairt don ghá atá le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, seachas sna cásanna seo a leanas:

(i) 

gur ann do reachtaíocht chomhfhreagrach de chuid an Aontais, go háirithe maidir le dramhaíl, agus ceanglais atá chomh dian, ar a laghad, leo siúd a leagtar síos sa reachtaíocht sin de chuid an Aontais sin arna dtabhairt isteach sa dlí náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme na reachtaíochta sin de chuid an Aontais;

(ii) 

go ndéantar an aisghabháil agus aisghabháil nó diúscairt na dramhaíola iarmharaí a ghintear trí aisghabháil na dramhaíola lena mbaineann sa tír cinn scríbe faoi choinníollacha a mheastar a bheith coibhéiseach leo siúd a fhorordaítear i reachtaíocht náisiúnta na tíre seolta;

(iii) 

nár tugadh fógra faoin reachtaíocht náisiúnta sa tír seolta, seachas an méid a chumhdaítear le pointe (i), i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), i gcás ina gceanglaítear é sin leis an Treoir sin;

(e) 

go bhfuil gá ag an mBallstát le teorainn a chur le loingsithe dramhaíola atá beartaithe haghaidh oibríochtaí aisghabhála seachas i gcás athchúrsála agus ullmhú lena n-athúsáid chun a líonra bainistithe dramhaíola a chosaint, i gcás ina bhfuiltear ag súil, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, go mbeadh sé mar thoradh ar na loingsithe sin dramhaíl intíre arna giniúint a dhiúscairt nó a aisghabháil ar bhealach nach mbeadh comhsheasmhach lena phleananna bainistithe dramhaíola;

(f) 

nach bhfuil faisnéis ag na húdaráis inniúla lena mbaineann gur ciontaíodh an fógróir nó an coinsíní as loingsiú neamhdhleathach a dhéanamh nó as aon ghníomh neamhdhleathach eile a dhéanamh i ndáil le cosaint an chomhshaoil nó cosaint shláinte an duine sna 5 bliana roimh thíolacadh an fhógra;

(g) 

nach bhfuil faisnéis ag na húdaráis inniúla lena mbaineann gur mhainnigh an fógróir nó an tsaoráid arís agus arís eile, sna 5 bliana roimh thíolacadh an fhógra, Airteagail 15 agus 16 a chomhlíonadh i ndáil le loingsithe roimhe sin;

(h) 

go mbeidh an loingsiú nó an aisghabháil contrártha do na hoibleagáidí a eascraíonn as coinbhinsiúin idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann nó ag an Aontas;

(i) 

nach bhfuil údar leis an aisghabháil, mar gheall ar chóimheas na dramhaíola is féidir a aisghabháil agus cóimheas na dramhaíola nach féidir a aisghabháil, luach measta na n-ábhar atá le haisghabháil ar deireadh nó costas aisghabhála nó costas diúscartha an chodáin neamh-aisghafa, ag féachaint do cheisteanna eacnamaíocha nó comhshaoil;

(j) 

go bhfuil an dramhaíl beartaithe lena haisghabháil seachas lena diúscairt;

(k) 

nach ndéanfar an dramhaíl a aisghabháil i gcomhréir le caighdeáin um chosaint an chomhshaoil atá ceangailteach ó thaobh an dlí i ndáil le oibríochtaí aisghabhála, nó le hoibleagáidí aisghabhála nó athchúrsála atá ceangailteach ó thaobh an dlí arna mbunú i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, nó go ndéanfar an dramhaíl a aisghabháil i saoráid a chumhdaítear le Treoir 2010/75/AE ach nach gcuireann i bhfeidhm na teicnící is fearr atá ar fáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) den Treoir sin.

Airteagal 12 2.
Féadfaidh na húdaráis inniúla idirthurais, laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear i mír 1, agóidí réasúnaithe a dhéanamh maidir leis an loingsiú dramhaíola atá beartaithe lena haisghabháil. Beidh aon agóid den sórt sin bunaithe ar na forais a leagtar amach i mír 1, pointí (c), (f), (g) agus (h), agus ar na forais sin amháin.
Airteagal 12 3.
I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla, laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear i mír 1, gur réitíodh na fadhbanna ónar eascair a n-agóidí, cuirfidh siad an fógróir ar an eolas láithreach maidir leis an méid sin.
Airteagal 12 4.
I gcás nach mbeidh na fadhbanna ónar eascair na hagóidí sin réitithe laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear i mír 1, scoirfidh an fógra maidir leis an loingsiú dramhaíola atá beartaithe lena haisghabháil de bheith bailí. I gcásanna ina mbeidh sé beartaithe go fóill ag an bhfógróir an loingsiú a dhéanamh, déanfar fógra nua a chur isteach, mura gcomhaontóidh gach údarás inniúil lena mbaineann agus an fógróir a mhalairt.
Airteagal 12 5.
Déanfar agóidí arna n-ardú ag údaráis inniúla ar na forais a leagtar amach i mír 1, pointí (d) agus (e), den Airteagal seo agus na cúiseanna leis na hagóidí sin a chur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 73.
Airteagal 12 6.
I gcomhréir le hAirteagal 9(2), cuirfidh na húdaráis inniúla an fógróir ar an eolas faoi na cúiseanna lena n-agóidí maidir le loingsiú.
Airteagal 12 7.
Cuirfidh na Ballstáit seolta an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin reachtaíocht náisiúnta a bhféadfadh agóidí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 1, pointe (d) a bheith bunaithe orthu, agus luafaidh siad na hoibríochtaí dramhaíola agus aisghabhála chomh maith le hoibríochtaí aisghabhála nó diúscartha na dramhaíola iarmharaí arna giniúint trí aisghabháil na dramhaíola lena mbaineann, sula ndéanfar reachtaíocht náisiúnta den sórt sin a agairt mar fhorais le hagóidí réasúnaithe.

Cuirfidh na Ballstáit cinn scríbe an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi chinntí nó faoi reachtaíocht náisiúnta a bhféadfaidh agóidí arna ndéanamh ag údaráis inniúla i gcomhréir le mír 1, pointe (e), a bheith bunaithe orthu agus luafaidh siad cé na hoibríochtaí dramhaíola agus aisghabhála a mbeidh feidhm ag na hagóidí sin ina leith, sula ndéanfar na cinntí sin nó an reachtaíocht náisiúnta sin a agairt mar fhorais le hagóidí réasúnaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas