|
+Airteagal 14 2. |
Airteagal 14 2.Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh dá dtagraítear i mír 1:
(a)
ainm, uimhir chlárúcháin agus seoladh na saoráide aisghabhála;
(b)
cóipeanna de cheadanna a eisíodh chuig an tsaoráid aisghabhála chun aisghabháil dramhaíola a dhéanamh de bhun Airteagal 23 de Threoir 2008/98/CE, chomh maith leis na caighdeáin agus na deimhnithe lena gcomhlíonann an tsaoráid, i gcás inarb ábhartha;
(c)
tuairisc ar an teicneolaíocht a úsáidtear chun aisghabháil dramhaíola sa tsaoráid aisghabhála a áirithiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, a n-iarrtar an réamhthoiliú ina leith, lena n-áirítear teicneolaíocht atá ceaptha chun fuinneamh a shábháil nó astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le gníomhaíochtaí na saoráide a theorannú;
(d)
an R-chód nó na R-chóid dá dtagraítear in Iarscríbhinn II de Threoir 2008/98/CE maidir leis an oibríocht aisghabhála nó na hoibríochtaí aisghabhála a n-iarrtar an réamhthoiliú ina leith;
(e)
ainmniú agus comhdhéanamh na dramhaíola, na saintréithe fisiceacha agus an cód sainaitheanta dramhaíola nó na cóid sainaitheanta dramhaíola le haghaidh na ndramhaíolacha a n-iarrtar an réamhthoiliú ina leith, mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo nó sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(f)
cainníocht iomlán gach cineáil dramhaíola a n-iarrtar an réamhthoiliú ina leith, i gcomparáid leis an toilleadh aisghabhála a gceadaítear don tsaoráid aisghabháil dramhaíola a dhéanamh ina leith de bhun Airteagal 23 de Threoir 2008/98/CE;
(g)
cainníocht na dramhaíola iarmharaí arna giniúint trí aisghabháil na dramhaíola i ndáil le cainníocht an ábhair a aisghabhadh, agus an modh aisghabhála nó diúscartha atá beartaithe le haghaidh na dramhaíola iarmharaí;
(h)
taifid maidir le gníomhaíochtaí na saoráide atá nasctha le haisghabháil dramhaíola, lena gcumhdaítear, go háirithe, cainníocht agus cineálacha na dramhaíola a cóireáladh sna 3 bliana roimhe sin, i gcás inarb ábhartha;
(i)
fianaise nó fianú nár ciontaíodh an duine dlítheanach nó nádúrtha ar leis an tsaoráid nó a fheidhmíonn rialú ar an tsaoráid as loingsiú neamhdhleathach nó aon ghníomh neamhdhleathach eile a dhéanamh i ndáil le bainistiú dramhaíola sna 5 bliana roimh an iarraidh, go háirithe maidir le cosaint an chomhshaoil nó sláinte an duine. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|